Jump to content

Domnall Mór Ua Briain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDomnall Mór Ua Briain
Beathaisnéis
BreithÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1194

Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaArdeaglais Naomh Mhuire (Luimneach) Cuir in eagar ar Wikidata
Rí na Mumhan
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Bhriain Cuir in eagar ar Wikidata
CéileUrlachan Mac Murchadha Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDonnchadh Cairbreach Ó Briain, Mór Ní Briain Cuir in eagar ar Wikidata
AthairToirdhealbhach mac Diarmada Ua Briain  agus Mór Ní Conchobair

Rí na Tuadhmhumhan, 1168 to 1194, agus éilitheoir ar an teideal Rí na Mumhan ba ea Domhnall Mór Ó Briain (Meán-Ghaeilge Domnall Mór Ua Briain). Tugtar fosta dó an teideal Rí Luimnigh, teideal Uí Bhriain ón am d'ionghabh Brian Bóramha an chathair Lochlannach sa 10ú haois.

Toirdhealbhach mac Diarmada Ua Briain, rí Mhumhan 1142-1167, ba ea athair Dhomhnaill Mhóir. Tháinig sé i gcoróin tar éis bhás a dhearthár is sine, Muircheartach, a maraíodh ar spreagadh óna chol ceathrar Conchúr. Dalladh a dheartháir eile, Brian Shliabh Bladhma, sa bhliain 1169. An bhliain chéanna, tharla coimhlint idir Domhnall agus Ardrí na hÉireann, Ruaidrí Ua Conchobair, agus b'éigean dó cáin 300 bó a íoc.

Sa bhliain 1171, ghéill sé d'Anraí II Shasana ag Caiseal, ach ina ainneoin sin, lean sé leis ag troid le roinnt blianta i gcoinne ionraí na Normannach i n-iardheisceart na hÉireann. Sa bhliain 1175, agus na Normannaigh clóite aige ag Cath Dhurlas, dhaingnigh sé a chuid cumhachta agus a bheirt chol ceathrar, Diarmaid mac Taidhg agus Mathúin mac Toirdhealbhaigh dallta aige. An bhliain chéanna ámh, chuir an tArdrí an ruaig air as Tuamhain. Sa bhliain 1176, chuir sé féin an ruaig ar na Normannaigh as Luimnigh, agus sa bhliain 1178, ar Uí Fiodhghinte,[1] an dream ársa as ceantar Chontae Luimnigh.

Ardeaglais Naomh Muire, Luimneach, bunaithe ar by Domhnall Ó Briain agus áit a uaigh.

Sa bhliain 1184, tugadh chuid dá chríocha mar fheod do Philip de Braose, Fear Ionaid na hÉireann. Le tacaíocht Robert Fitz-Stephen agus Miles de Cogan, chuaigh sé chun cathair Luimnigh a ghabháil, ach bhuail scaoll é. Sa bhliain 1185, chloígh Domhnall go dona arís na Normannaigh agus Prince John Sasana i mbun creiche fad ghleann na Siúire. An bhliain chéanna. dhall sé an deartháir deireanach mhic Dhiarmada. Sa bhliain 1188, chuidigh sé le fir na gConnacht, faoi cheannas Conchobar Maenmaige Ua Conchobhair, Jean de Courcy a chloí sa Chorrshliabh. Sa bhliain 1193, rinne na Normannaigh saghas ar an gCláir mar chúiteamh, agus rinne creach ar ghabháltais Domhnaill in Osraí.

Bhunaigh Domhnall Mainistir na Croise Naofa sa bhliain 1180 agus Mainistir Chill Chúile sa bhliain 1184, an dís faoin ord Cistéirseach.[2]

De réir Annála Uladh, rí dheireanach na Mumhan ba ea é, nuair a fuair sé bás sa bhliain 1194. Creidtear gur adhlacadh é i nArdeaglais Naomh Muire Luimneach, teampall a bhunaigh sé. Tá bharrchónra cloiche ársa ann, ina luí sa saingeal gar den ardaltóir, a mheastar gur le Domhnall é.

Phós Domnall Mór le hOrlacán, iníon Diarmait Mac Murchada agus Shadhbh Ní Faeláin. Bhí triúr mac agus iníon amháin acu. Bhí coimhlint idir a mhic agus a gcol ceathrar, Muircheartach mac Briain Shliabh Bladhma, le haghaidh ríogacht na Tuamhan.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]