Mainistir na Croise Naofa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Mainistir na Croise Naofa

Mainistir Chistéirsteach athchóirithe atá láimh le Dúrlas Éile i gContae Thiobraid Árann is ea Mainistir na Croise Naofa agus í suite ar bhruach na Siúire. Tá sí ainmnithe as taise de chuid na Croise Naofa a coinníodh i dtaisce ann.

Thug an Bhanríon Isibéal ó Angoulême, Plantagenet, an taise chun na hÉireann in 1233.[1] Ba í baintreach Sheoin Rí Shasana í, agus d’atóg í an mhainistir.

De thoradh na taise rinneadh áit mhór oilithreachta den mhainistir, agus rinne an Ridire Henry Sydney í a ghearán leis an mBanríon Eilís I in 1567.

Thug Aodh Rua Ó Domhaill cuairt ar Mhainistir na Croise Naofa ar an 30 Samhain 1601 roimh dó dul chun an chogaidh arís in éadan fhórsaí na Banríona.

Do ríacht chuca i lithlaithe fheile Andreas sainredh an Chroch Naomh Úachtarlámann dia sénadh & snadhadh co ndruincc do manchaibh Mainistre na Croiche Náoimh occa hiomchur & ro hioradh iaittsidhe d’edbartaibh d’ofralaibh & d’almsanaibh iolardhaibh gomdar buidig.[2]
Tháinig sé lá fhéile Aindrias de shonra chun Croch Naomh Uachtar Lámhan d’fhonn séanadh [beannacht] agus coimirce a fháil, le drong de mhanaigh Mhainistir na Croiche Naoimh á iompar, agus d’fhear orthu íobairtí, ofrálacha agus almsan a rabhadar buíoch astu.

Ba í an bhliain 1632 an uair dheireanach a nochtadh an taise don phobal, agus chuaigh an mhainistir chun raice tar éis chogadh Chromail, cé gur lean ar bhunadh na háite ag cur a muintire i measc na bhfothracha i ndiaidh 1740.

Rinneadh séadchomhartha náisiúnta de Mhainistir na Croise Naofa in 1880 “to be preserved and not used as a place of worship”. Rith an Dáil dlí speisialta ar an 21 Eanáir 1969, ag comóradh a caogadú bliain, chun a cheadú go n-úsáidfí an mhainistir mar ionad adhartha Caitlicí arís, rud nach gnách agus séadchomhartha i gceist. Sholáthair Sacraisteoir Bhaisleac Naomh Peadar sa Vatacáin tais dhearbhaithe den Chros Naofa, agus cuireadh caoi nua ar chomhartha Chros na gCrosáidirí sa mhainistir.[3]

Tá cuntas ar Mhainistir na Croise Naofa sa bhéaloideas:

Tháinig an buachaill seo go hÉirinn ag bailiú airgid i gcomhair an Phápa. Maraíodh in áit uaigneach é agus goideadh an t-airgead uaid. Cuireadh san áit é. Bhí manach dall san mainistir. Oíche amháin deineadh taibhreamh dó. Cheap sé go raibh fáinne ag an bPrionsa, agus go bhfaigheadh sé a radharc dá gcuireadh sé a lámh ar an bhfáinne sin. Bhí an taibhreamh aige trí oíche i ndiaidh a chéile. Chuaigh sé féin agus manach eile ag cuardach na háite. Chonacadar lámh á sá féin aníos as an dtalamh agus fáinne uirthi. Chuir an manach dall a lámh ar an bhfáinne agus fuair sé a radharc. Sa tslí seo fuaradar corp an Prionsa agus cuireadh i reilig na mainistreach é.[4]

Gailearí[cuir in eagar | athraigh foinse]


Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Holy Cross Abbey ó The Catholic Encyclopedia, Volume VII. 1910. New York: Robert Appleton Company.
  2. Lughaidh Ó Cléirigh: Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, mír 11, An Deachmhadh Bliadhain: https://celt.ucc.ie//published/G100080/index.html
  3. Morris, Thomas. Holy Cross Abbey. Irish Heritage Series, uimh. 55, Eason & Son Ltd, Dublin 1986. ISBN 0-900346-75-2
  4. Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, lch 35 (ó Charraig na Siúire): https://www.duchas.ie/en/cbes/4922248/4864050/5051934?ChapterID=4922248