Jump to content

Diarmaid Mac Murchadha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Diarmait Mac Murchada)
Infotaula de personaDiarmaid Mac Murchadha

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Dermot Mac Murrough Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1110
Cúige Laighean Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Bealtaine 1171
60/61 bliana d'aois
Áit adhlacthaFearna Cuir in eagar ar Wikidata
Ríthe na Laighean
1126 – 1171 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 12ú aois
Teaghlach
CéileMór Ní Thuathail Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAoife Nic Mhurchadha, Domhnall Caomhánach, Urlachan Mac Murchadha Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDonnchadh mac Murchadha  agus Orlaith Ní Bhraonáin
SiblínEnna mac Donnchada Mac Murchada
Pósadh Aoife agus Strongbow (1854) le Daniel Maclise, NGI:[1] Mar chomhartha buíochais, gheall Diarmaid go dtabharfadh sé a iníon, Aoife, do Strongbow mar bhean chéile.

Laighean idir na blianta 1126 agus bliain a bháis ba ea Diarmaid Mac Murchadha (thart ar 1110 – thart ar 1 Bealtaine 1171), cé gur cuireadh dá ríchathaoir faoi dhó é sa tréimhse sin. "Fear bríomhar fuinniúil gan trua gan taise do dhuine ar bith - seo teist na n-údar ar Dhiarmaid Mac Murchadha".[2] Bhí aighneas idir é féin agus Tighearnán Ua Ruairc, rí Bhréifne, agus chaill sé a choróin sa bhliain 1166 dá bharr. Tháinig na Normannaigh go hÉirinn sa bhliain 1169, áfach, tar éis dó cuireadh a thabhairt do Anraí II, rí Shasana agus diúc na Normainne, teacht i gcabhair air. Mar gheall ar seo, tugtar Diarmaid na nGall air chomh maith. Gheall sé a iníon Aoife, mar aon le ríocht Laighean tar éis a bháis, don Normannach Strongbow mar pháirt den bheart céanna.

Luathshaol agus teaghlach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Diarmaid le Uí Chinnsealaigh, an cine ba threise i ndeisceart Laighean. Ba é a athair Donnchadh mac Murchadha, rí Laighean agus Bhaile Átha Cliath, a maraíodh i gcath in aghaidh mhuintir Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1115; deirtear gur adhlaic muintir na cathrach conablach madra in éineacht leis mar tharcaisne.

Bhí beirt bhan aige, rud a bhí ceadaithe faoi dhlí na nGael: Sadhbh Ní Fhaoláin, máthair a mhic ba shine Domhnall Caomhánach (thart ar 1140–1175), agus Mór Ní Thuathail, deirfiúr Lorcáin Ua Tuathail, máthair a iníne Aoife (thart ar 1153–1188) agus a mhic Chonchobhair.

Toghadh ina rí ar Chúige Laighean é i ndiaidh bhás a dhearthár Éinne, agus gan é ach sé bliana déag d'aois. Ní raibh an tArd-Rí, Toirdhealbhach Ua Conchobhair, sásta leis, agus chuir sé an Ruarcach go Cúige Laighean leis an ríocht a bhaint de. Rinne Ua Ruairc feachtas fíochmhar inar maraíodh eallach an chúige d'aon turas chun gorta a chur ar na daoine. Bhí Mac Murchadha ag troid ar feadh na mblianta as sin amach agus d'éirigh leis a ríocht a athghabháil faoi dheireadh sa bhliain 1133, le tacaíocht threibheanna Laighean, agus bhí síocháin ina ríocht ar feadh na mblianta.

Sa bhliain 1152 chuidigh Diarmaid leis an Ard-Rí féin agus tailte Thighearnáin á gcreachadh acu, agus is sa bhliain chéanna a d'fhuadaigh sé Dearbhfhorgaill, bean Uí Ruairc, mar aon lena maoin. Deir foinsí eile nárbh in aghaidh a tola a bhí sí agus gur fhan sí i bhFearna go compordach ar feadh roinnt blianta. Cibé fírinne a bhí leis, cuireadh ar ais chuig a muintir í sa bhliain 1153, agus níor lagaigh an eachtra ach an oiread an t-aighneas idir an dá rí.

Pátrún eaglasta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba phátrún fial eaglaise é. Bhunaigh sé mainistir Chistéirseach i Bealach Conglais sa bhliain 1148, agus thug sé tacaíocht do mhainistir Fhearna, do phrióireacht i Gleann Dá Loch agus do chlochair bhan rialta i mBaile Átha Cliath agus in aice le Port Láirge. Sa bhliain 1162 d'ainmnigh sé Lorcán Ua Tuathail, deartháir a mhná Mór, ina Ard-Easpag ar Bhaile Átha Cliath. Meastar go raibh baint ag a chúirt le cur le chéile Leabhair Laighneach.

An deoraíocht agus teacht na Normannach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a thit a phríomhchomhghuaillí, an tArd-Rí Muircheartach Mac Lochlainn, sa bhliain 1166, mháirseáil comhcheangal faoi cheannas Thighearnáin Uí Ruairc ar Laighin, agus chuir an tArd-Rí nua Ruaidhrí Ua Conchobhair dá ríchathaoir é. Díbríodh Diarmaid, agus theith sé chun na Breataine. Shroich sé Briostó i dtús mhí Lúnasa 1166 agus lean sé Anraí II go dtí an Fhrainc, áit ar bhronn an rí litreacha paitinne air a thug cead d'aon duine dá ghéillsinigh cabhrú leis. Gheall sé go mbeadh an té a ghabhfadh a ríocht ar ais dó ina oidhre air, agus thug sé amhais Normannacha leis abhaile chun a thailte a ghabháil ar ais.

I mí na Bealtaine 1169 tháinig an chéad slua i dtír ag Cuan an Bhainbh i Contae Loch Garman faoi cheannas Robert FitzStephen, agus ghéill baile Loch Garman tar éis léigear beagnach dhá lá. Ar an 23 Lúnasa 1170 tháinig Strongbow féin i dtír gar do Phort Láirge le breis is 200 ridire agus 1,000 saighdiúir. Briseadh ballaí Phort Láirge, agus is ansin, in Ardeaglais Chríost, a pósadh Strongbow agus iníon Dhiarmada, Aoife. Ina dhiaidh sin, ar an 21 Meán Fómhair 1170, a ghabh na Normannaigh Baile Átha Cliath.

A bhás agus a oidhreacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]
An láthair adhlactha a shamhlaítear le Diarmaid Mac Murchadha i reilig Ardeaglais Fhearna

Chuir Ruaidhrí Ua Conchobhair mac ab óige Dhiarmada, Conchobhar, chun báis mar ghiall nuair a briseadh coinníollacha na síochána. D'fhill Diarmaid ar Fearna agus fuair sé bás ansin go tobann thart ar an 1 Bealtaine 1171. Tá sé curtha i reilig ardeaglais Fhearna, Contae Loch Garman.

Ghlac Strongbow ceannas ar Laighin ansin de réir an ghill a tugadh dó, cé nach n-aithneodh dlí na nGael ina oidhre é. Tháinig Anraí II féin go hÉirinn i mí Dheireadh Fómhair 1171 chun smacht a chur ar a bharúin, agus is as sin a d'fhás Tiarnas na hÉireann agus Conradh Windsor sa bhliain 1175. Ón am sin ar aghaidh, d'fhan an chumhacht Ghallda in Éirinn, óir lean na Sasanaigh na Normannaigh i dtiarnas ar an bPáil, agus ar an tír ar fad ar deireadh.

Seo mar a chuir Gearóid de Barra síos air: "fear arbh fhearr leis eagla a bheith ag cách roimhe ná grá a bheith ag aon duine dó".

I leabhair staire a scríobhadh in Éirinn tar éis 1800 is minic a caitheadh leis mar fhealltóir, ach áitíonn staraithe nárbh é ionradh Gallda a bhí uaidh ach cabhair Anraí a úsáid le hardríocht na hÉireann a bhaint amach dó féin. Lean a shliocht, na Caomhánaigh, i réim i ndeisceart Laighean leis na cianta, agus fuair an rí deireanach díobh a fógraíodh, Domhnall Spáinneach Mac Murchadha Caomhánach, bás sa bhliain 1632.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]