Jump to content

Ólchúr mac Flainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Ólchobar mac Flainn)
Infotaula de personaÓlchúr mac Flainn
Beathaisnéis
Bás796 (Féilire Ghréagóra)
Eile
Teideal uasalRí na Mumhan Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachUí Fiodhghinte Cuir in eagar ar Wikidata

Rí b'fhéidir na Mumhan d'Uí Fiodhghinte as Luimneach ba ea Ólchúr mac Flainn (Meán-Ghaeilge Ólchobar mac Flainn) (bás 796). Is níos dóichí é, áfach, gur meascadh é le hÓlchobar mac Duib-Indrecht (bás 805)

Ba bhall é d'Uí Chonaill Gabhra, sinsir Dhónaill Uí Chonaill agus Mhíchíl Uí Choileáin. Flann mac Earca (bás 762) ba ea a athair, agus Scanlán mac Flainn (bás 786) a dheartháir, ríthe Uí Fiodhghinte beirt.[1].

Bhí a bpríomhchathair féin ag Uí Fiodhghinte, ag Dún Eochair, bunaithe na céadta bliain roimh am Ólchúir ag na Dáirine, iarcheannairí na Mumhan. Aithníodh Uí Fiodhghinte féin mar Dáirine, nó ar a laghad, meascán dóibh siúd agus d'Eoghanachta. Níorbh chóir ach muintir Chonaill Cjoirc a bheith go hiondúil ina ríthe Chaisil. Dá mba cheart iad na ginealaigh is sine ámh,[2] uncail Chonaill Choirc darbh ainm Dáire Cearba[3] ba ea sinsear Uí Fiodhghinte (agus a ngaoil Uí Liatháin).

Dá mba fhíor é gur rí Chaisil é Ólchúr, ba chomhartha é seo de mheath ciorcal istigh na nEoghanachta ag deireadh na 8ú haoise tar éis bhás Chathail mhic Finghin (bás 742). I bhfianaise a gcuid staire ámh, ní dócha é ar chor ar bith go ndearnadh rí Chaisil d'Ólchúr gan cead ón gciorcal istigh.

Is iad Annála Uladh amháin a thugann an teideal Rí Mumhan dó, ina thásc don bhliain 796.[4][5] Deir Annála Inis Faithlinn ach gurbh abb tuata Inis Cathaigh é.[6]

Tháinig a dheartháir Murchadh (bás 807) i gcomharbacht air mar Rí Uí Fiodhghinte.

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Byrne, Tábla 16
  2. m.s. Rawlinson B 502
  3. seanathair an rí chumhachtaigh, Criomhthann mac Fiodaigh ba ea Dáire
  4. Byrne, lch. 213
  5. Annála Uladh, AU 796.1
  6. Annála Inis Faithlinn, AI 797.2