Fearghas Scannal mac Criomhthainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFearghas Scannal mac Criomhthainn
Beathaisnéis
Básc. 582
Rí na Mumhan
577 – 582
← Cairbre Crom mac CriomhthainnFeidlimid mac Coirpri Chruimm → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachEoghanacht Oirthir Cliach Cuir in eagar ar Wikidata

Rí na Mumhan d'Eoghanacht Oirthir Cliach ba ea Fearghas Scannal mac Criomhthainn (Sean-Ghaeilge Fergus Scandal mac Crimthainn) (bás 582[1]). Deirtear go raibh sé ina chommhrí le Feilimí mac Cairbre Chroim (bás 596) mar leasrí.

Criomhthann Dearcán mac Eochaidh ba ea a athair, agus Aonghas mac Nadh Fraoigh (bás 489), chéad rí Chríostaí na Mumhan, a shín-seanathair.[2] Bhí a chlann bunaithe thart ar Bhaile Thiobraid Árann.

Luaitear é i ríliostaí amhail Sioncronachtaí Laud agus an Leabhar Laighneach. De réir Annála Tiarnaigh, tháinig sé i gcomharbacht ar Chairbre Crom mac Criomhthainn sa bhliain 577, ach maraíodh é cúig bliana i ndiaidh sin, sa bhliain r582.[3] Tagann na hannála úd orthu féin, ag rá go raibh sé i gcoróin le seacht mbliana. De réir foinsí na nEoghannacht, mharaigh fir na Laigean é, agus ghéill siad Osraí go Mumhain mar chúiteamh. Diúltaíonn Prof. Byrne an smaoineamh seo ámh mar bholscaireacht níos deireanaí na nOsraí.[4]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Annála Tiarnaigh
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, le McCarthy

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. gach dáta as The Chronology of the Irish Annals le Daniel P. McCarthy
  2. Byrne, Tábla 13
  3. Annála Tiarnaigh, 577.3, 582.4
  4. Byrne, lch. 181