Dauí Iarlaithe mac Maithni
| Rí na Mumhan | |
|---|---|
| | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | rí |
| Tréimhse ama | 5ú haois |
| Teaghlach | |
| Teaghlach | Eoghanacht Locha Léin |
Rí Iarmhumhan de chlann Eoghanacht Locha Léin ba ea Dauí Iarlaithe mac Maithne (Meán-Ghaeilge Dauí Iarlaithe mac Maithni) (beo c. 500). Cairbre Luachra mac Coirc, sinsear eapainmneach a mhuintire, ba ea a sheanathair.[1] B'fhéidir é gur rí na Mumhan é fosta.
Dar le dréacht ginealaigh, tháinig Dauí i gcomharbacht ar a athair, Maine mac Cairbre, san Iarmhumhain. Dhiúltaigh sé ámh a cháin chuig Caiseal a íoc agus tharla cogadh idir é agus a ghaol, Aonghas mac Nadh Fraoigh (bás 489), rí Mumhan.
B'fhéidir é gur éirigh Dauí ina rí Mumhan.[2] Ní fheictear é áfach nó sna ríliostaí nó snahannála, ina ndeirtear gur tháinig mic Aonghasa i gcomharbacht.
Agus é más fíor ina rí Mumhan, deirtear gur throid sé leis na hUaithne as ceantar Loch Deirgeirt.[2]
Ba é Dauí a bhunaigh Iarmhumhain mar ríocht leath-neamhspleách ó Chaiseal. B'fhéidir é go ndearnadh rí Mumhan de roinnt dá shliochtaigh, amhail is a fhionnó, Aodh Beannáin mac Criomhthainn (bás 618).
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9