Cailís Dhoire na bhFlann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cailís Dhoire na bhFlann

Is seod staire de chuid na hÉireann í Cailís Dhoire na bhFlann. Is mar chuid de thaisce de shoithí altóra é, cnuasach mhiotalóireachta de chuid an 9ú haois..

An fionnachtain[athraigh | athraigh vicithéacs]

Thángthas ar an taisce i gCill an Áil, láthair mainistreach, i gContae Thiobraid Árann ar an 17 Feabhra 1980. Trí thochailt a rinne foireann Ard-Mhúsaem na hÉireann cúpla seachtain níos déanaí, thángthas ar chodanna de na réada maisithe a bhí ar iarraidh, ar nós painéil d’fhíolagrán óir, gléasanna stampláilte le dísle, síothlán agus seamanna[1].

Síothlán

Bhí brathadóir miotail ag an tóraí taisce, Michael Webb, agus a mhac.Bhí conspóid ag baint leis[2]. Tháinig an Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1994, as[3].

Anois tá an taisce iomlán in Ard-Mhúsaem na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

paiteana

Saothar ealaíne[athraigh | athraigh vicithéacs]

As airgead buailte deilsnasta atá an babhla cailíse déanta. Tá an chuid is mó den chailís lom.

  • Tá stoc agus cos an bhabhla ceangailte le pionna mór a ghlasálann ar ghreimphláta ar an taobh thíos den chos.
  • cuasa sa dá chluas atá ar an mbabhla, a bhfuil painéil d'fhíolagrán óir fuaite isteach iontu.
  • Tá stodaí ómra ar na cluasa freisin mar mhaisiúchán agus tá bearnaí eatarthu agus iad curtha ar feadh an bhanda maisiúcháin d'fhíolagrán atá timpeall an bhabhla.
paiteana

Comparáid[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá an chailís airgid inchomparáide le Cailís Ardach cé go gceaptar nach bhfuil sé chomh galánta leis. Tá a maisiúchán níos simplí, agus níl an fíolagrán déanta chomh mín sin.

Seans gur dáta níos déanaí atá aici ná Cailís Ardach.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]