Sól
Ainm coitianta ar speicis éisc a bhaineann le finte éagsúla is ea sól. De ghnáth, is baill den fhine Soleidae iad, ach, taobh amuigh den Eoraip, úsáidtear an t-ainm seo ar leathóga éagsúla eile atá cosúil leis na Soleidae, go háirithe baill eile den fho-ord Soleoidei, chomh maith le baill den fhine Pleuronectidae (leitheanna). I gcócaireacht na hEorpa, is é an sól coiteann (Solea solea) an speiceas is forleithne agus an ceann a bhfuil an tóir is mó air.
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagann an focal sól (agus focail ghaolmhara sa Bhéarla, sa Fhraincis agus san Iodáilis) ón fhocal Laidine ar chuarán, solea.[1][2] I dteangacha eile, úsáidtear téarma bunaithe ar an bhfocal ar “teanga”, mar shampla Gréigis glóssa (γλώσσα), Seezunge i nGearmáinis, zeetong, tong, nó sliptong in Ollainnis, nyelvhal in Ungáiris, lenguado i Spáinnis, lung lei (龍脷 “teanga an dragain”) i Sínis, agus dil i dTuircis.
Speicis roghnaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- I bhfo-ord na sól Soleoidei:
- Na fíorshóil, Soleidae, lena n-áirítear an sól coiteann Solea solea. Is iad seo na héisc amháin a dtugtar “sól” orthu san Eoraip.
- Na sóil Mheiriceánacha, Achiridae, a rangaítear leis na Soleidae uaireanta.
- Na héisc teangacha, Cynoglossidae
- Roinnt speiceas leitheanna san fhine Pleuronectidae, lena n-áirítear an leathóg mhín (Microstomus kitt), agus an sól Calafoirniach (Eopsetta jordani).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Sole, in Skeat WM. A concise etymological dictionary of the English language. Harper & Brothers, 1896, P. 449 read online or download
- ↑ Sogliola (IT) etymology from www.etimo.it