Sic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cuirtear an dobhriathar Laidine sic (“mar seo”, “díreach mar atá”; ina iomláine: sic erat scriptum, “mar seo a scríobhadh é”) isteach tar éis focal nó sliocht athfhriotail a thugann le fios go bhfuil an t-ábhar tras-scríofa nó aistrithe go díreach mar a bhí sé sa mbuntéacs, gan ceartúchán nó athrú ar bith ar bhotúin litrithe nó ghramadaí, nó aon ghné eile neamhchaighdeánach. Úsáidtear é freisin i ndiaidh ráiteas aisteach, réasúnaíocht lochtach, nó ábhar eile a d’fhéadfaí a thuiscint mar earráid tras-scríofa.

Go ginearálta cuirtear é taobh istigh de lúibíní cearnacha le léiriú nach cuid den sliocht athfhriotail é.

Uaireanta, úsáidtear sic ar bhealach searbhasach nó fonóideach, chun aird a dhíriú ar bhotúin litrithe nó ar loighic lochtach an bhunscríbhneora.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]