Dobhriathar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is focal é an dobhriathar a athraíonn ciall na haidiachta, an bhriathair nó dobhriathair eile, chun modh, áit, am, céim, nó eolas eile a chur in iúl. Is focal nó grúpa focal é an dobhriathar a cháilíonn focal (nó focail) eile seachas ainmfhocal nó forainm. Tugtar co-ghnìomhair air i nGaeilge na hAlban.

Samplaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dobhriathra ama: inniu, inné, amárach, anois, fadó, i mbliana; ar ball, ar maidin.
  • Dobhriathra treo: anseo, ansin, thuaidh, theas, soir, siar, suas, síos, amach, isteach
  • Dobhriathra ceisteacha: cá? Cathain? Cén áit? Conas? Cén uair?
  • Dobhriathra aidiachtacha: go ciúin, go héasca, os ard, os íseal, in éineacht, ar buile
  • Dobhriathra dearfa: go, gur
  • Dobhriathra diúltacha: ní, níor, nach, nár
  • Dobhriathra eile: beagnach, freisin, ar an bpointe, ar éigean, dáiríre, chomh maith, ach oiread