Jump to content

Briatharogham

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I luathlitríocht na Gaeilge, nath meafarach dhá-fhoclach (kenning[1]) is ea Briatharogham (Meán-Ghaeilge Bríatharogam) a míníonn ainmneacha na litreacha Oghaim. Caomhnaítear trí liosta éagsúla a théann siar go dtí ré na Sean-Ghaeilge, mar a leanas:

  • Briatharogham Morainn mac Moín
  • Briatharogham Maic ind Óc
  • Briatharogham Con Culainn

Faightear an chéad dá cheann i ngach cóip den Leabhar Oghaim atá ar marthain, cé nach bhfaightear Con Culainn ach i lámhscríbhinní den 16ú agus 17ú haoiseanna. Déanann Auraicept na n-Éces tuairisc agus ciall ar Bhriatharogham Morainn mac Moín.

Chreideadh scoláirí na meánaoise níos deireanaí gur ainmneacha crann ab ea na litreacha go léir, agus rinne siad iarracht na briatharoghaim a léirmhíniú dá réir sin. De réir scoláireacht nua-aimseartha, ámh níl ann ach ocht litir ainmnithe as crainn, agus go dtacaíonn na briatharoghaim féin an moladh seo.

Is iad a leanas na Briatharoghaim mar a d'eagraigh McManus (1988) iad (as Sean-Ghaeilge normalaithe):

Litir Gluais Bríatharogam
Ciall Córas na gCrann Morainn mac Moín Maic ind Óc Con Culainn
ᚁ B Beith Beith Beith féochos foltchain
feochos foltchaoin
glaisem cnis
is léithe cnis
maise malach
áille mhala
ᚂ L Luis Lasair, Luibh Caorthann lí súla[ae 1]
loinnir shúile
carae cethrae
cara bólachta
lúth cethrae
coth bólachta
ᚃ F Fern Fearn Fearn airenach fían[ae 2]
urgharda fiann
comét lachta
coimeádán bainne
dín cridi
díon croí
ᚄ S Sail Saileach Saileach lí ambi[ae 3]
dath neamhbheo
lúth bech
coth beach
tosach mela
tosach meala
ᚅ N Nin Gabhal Fuinseog costud síde[ae 4]
costadh síthe
bág ban
maíomh ban
bág maise
maíomh áille
ᚆ H, Y Úath Fuath Sceach gheal condál cúan
comhdháil conairte[ae 5]
bánad gnúise
bánú aghaidhe
ansam aidche
is deacra istoíche
ᚇ D Dair Dair Dair ardam dosae
is airde crann
grés soír
maisiú ceirdne
slechtam soíre
sleachta ceirdne
ᚈ T Tinne Teilgean Cuileann trian roith[ae 6]
trian rotha
smiur gúaile
smior gualaigh
trian n-airm
trian airm
ᚉ C Coll Coll Coll caíniu fedaib[ae 7]
is caoine crann
carae blóesc
cara blaoscanna
milsem fedo
is milse crann
ᚊ Q Ceirt Tom, Giobal Abhaill clithar baiscill[ae 8]
cliothar allta
bríg anduini
brí anduine
dígu fethail
díogha suaitheantais
ᚋ M Muin Muin, cleas, cion Fíniúin tressam fedmae[ae 9]
is treise saothair
árusc n-airlig
rosc eirligh
conar gotha
conair ghutha
ᚌ G Gort Gort Eidhneán milsiu féraib[ae 10]
is milse féar
ined erc
ionad bó
sásad ile
sásamh uile
ᚍ NG nGéadal Ár Giolcach lúth lego[ae 11]
coth súmaire
étiud midach
éadach lianna
tosach n-échto
tosach áir
ᚎ Z Straif Ruibh Draighean tressam rúamnai[ae 12]
treise ruaimnithe
mórad rún
móradh rún
saigid nél
lorg néal
ᚏ R Ruis Rua Trom tindem rucci[ae 13]
is drislí ruachana
rúamnae drech
ruaimniú dreach
bruth fergae
bruth/teas feirge
ᚐ A Ailm Péine? Giúis ardam íachta[ae 14]
is airde iachta
tosach frecrai
tosach freagra
tosach garmae
tosach gairme
ᚑ O Onn Fuinseog Aiteann congnaid ech
lasc each
féthem soíre
is féith ceirdne
lúth fían
fuinneamh fiann
ᚒ U Úr Cré Fraoch úaraib adbaib
fuaraibh adbhaibh
sílad cland
síolú plandaí
forbbaid ambí
taiséadach neamhbheo
ᚓ E Eadhadh Creathach Creathach érgnaid fid[ae 15]
éargna feánna
commaín carat
comaoin cairde
bráthair bethi (?)
bráthair beithe
ᚔ I Iodhadh Iúr? Iúr sinem fedo
is sine feá
caínem sen
is caoine sean
lúth lobair (?)
fuinneamh lobhair
ᚕ EA Éabhadh[2] Anaithnid Creathach snámchaín feda
snámhchaoin feá/litreach
cosc lobair
cosc lobhair
caínem éco[3]
is caoine éisc
ᚖ OI Ór[4] Feoras, nó eidhneán sruithem aicde[5]
is sruithe/fiannaí ábhar
lí crotha
lí/loinnir crutha
ᚗ UI Uilleann[6] Uilleann Féithleann túthmar[7] fid
is cumha fiodh/crann
cubat oll[8][ae 16]
banlámh mhór
ᚘ IO Ifín Spíon? Spíonán, nó spíon milsem fedo
is milse feá
amram blais
is iontaí blais
ᚙ AE Eamhancholl[9] Eamhain coill Cúpla coill lúad[10] sáethaig
och saothaigh
mol[11] galraig
crónán galraigh
ᚚ P[12] Peith Dwarf elder
  1. ↑ li sula luis (.i. caertheand) ar ailleacht a caer
  2. ↑ airenach fían (.i. fernd) air is di na sgeith
  3. ↑ li ambi .i. nemli lais .i. ar cosmaillius a datha fri marb
  4. ↑ cosdad sida nin .i. uinnius, ar is di doniter craind gae triasa
  5. ↑ comdal cuan huath (.i. sce L. om); no ar is uathmar hi ara deilghibh
  6. ↑ trian roith tindi L .i. ar is cuileand in tres fidh roith in carbait
  7. ↑ coll .i. cach ac ithi a chno
  8. ↑ clithar boaiscille .i. elit gelt quert (.i. aball)
  9. ↑ airdi masi muin .i. iarsinni fhasas a n-airde .i. finemhain
  10. ↑ glaisiu geltaibh gort (.i. edind)
  11. ↑ luth lega getal (.i. cilcach) no raith
  12. ↑ aire srabha sraibh (.i. draighin)
  13. ↑ ruamma ruice ruis (.i. trom)
  14. ↑ crand giuis .i. ochtach
  15. ↑ ed uath .i. crand fir no crithach
  16. ↑ cubat n-oll .i. uilleann .i. edlenn
  • Damian McManus, Irish letter-names and their kennings, Ériu 39 (1988), 127-168.
  1. ↑ Féach en:wiktionary:kenning, English, Etymology 3
  2. ↑ ébad ar eDIL
  3. ↑ éic, iasc, bradán, ar eDIL
  4. ↑ óir ar eDIL
  5. ↑ 2 aicde
  6. ↑ 2 uillenn ar eDIL
  7. ↑ tútmar, cumha, ar eDIL
  8. ↑ 1 cubat
  9. ↑ emoncholl ar eDIL
  10. ↑ lúad (b), plé, ar eDIL
  11. ↑ 2 mol, crónán, dordán, ar eDIL
  12. ↑ P ar eDIL