Spíonán
Cuma
Ribes uva-crispa | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | gooseberry (en) agus gooseberry juice (en) |
Planda | |
Cineál an toraidh | caor |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Saxifragales |
Fine | Grossulariaceae |
Géineas | Ribes |
Speiceas | Ribes uva-crispa L., 1753 |
Tom duillsilteach é an spíonán[1] a fhásann timpeall 1 m ar airde, dúchasach don Eoraip is tuaisceart na hAfraice. Na gais is na géaga spíonach, 3-5 mhaothán ar na duilleoga, na bláthanna scothghlas le daithín corcra in aonta nó péirí ar ghais ascalacha shleabhctha. Na caora inite ubhchruthach, suas le 4 cm ar fhad, glas nó scothdhearg, guaireach nó mín. Saothraítear é ar son na dtorthaí.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Ribes uva-crispa” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Spíonán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 619.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |