Cuirín
Appearance
Ribes | |
---|---|
cuirín dearg | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | cuirín |
Planda | |
Cineál an toraidh | caor |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Saxifragales |
Fine | Grossulariaceae |
Géineas | Ribes L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Ribes rubrum |
Tom duillsilteach, dúchasach do réigiúin mheasartha sa leathsféar thuaidh is na hAindéis. Na duilleoga maothánach go bosach. Na bláthanna iompartha i gcrobhaingí ar phéacáin ghearra chliathánacha, 4-5 sheipeal is 4-5 pheiteal, na peitil rud beag níos giorra is cruinn. Na caora súmhar. Saothraítear iad mar mhaisiúchán agus ar son na dtorthaí (is fíonchaora i ndáiríre iad na cuiríní tirime a úsáidtear i gcácaí torthaí).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cuirín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 192.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |