Planda duillsilteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Planda duillsilteach

Plandaí a chaitheann a gcuid duilleog roimh thús an tséasúir ghairbh, a mhaireann ina gcodladh i rith an tséasúir sin. Titeann duilleoga freisin le linn triomaigh chun cailliúint uisce a laghdú, agus le linn seaca nuair a bhíonn an t-uisce sáinnithe mar oighear chun damáiste seaca a laghdú.