Jump to content

Draighean

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoDraighean
Prunus spinosa Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deairne agus sú airne Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhdrúp Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN172194 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtPlantae
OrdRosales
FineRosaceae
TreibhAmygdaleae
GéineasPrunus
SpeiceasPrunus spinosa Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Léarscáil de raon an tacsóin
lang= Cuir in eagar ar Wikidata

Tom spíonach duillsilteach a fhásann 6 m ar airde is ea an draighean,[1][2] atá dúchasach don Eoraip, agus is dócha gur sinsear de chuid an phluma é.[3]

tar i mbláth
  • Na bláthanna dubh, ag teacht amach roimh na duilleoga ubhchruthacha fiaclacha.
  • Na torthaí (airní) cruinneogach gorm/dubh le blás céiriúil, inite ach an-searbh.
  • Úsáidtear iad le haghaidh suibhe is fíonta.[3]

Is annamh a chloisfeá an focal ‘draighean’ in Inis Meáin ; bíonn ‘sceach airní’ i bhfad níos coitianta. Tá difear idir cineálacha éagsúla den phlanda seo ar an oileán go fiú; má tá an sceach aibí agus láidir agus é ag fás as scoilt sa chreig, tugtar ‘cosán’ ansin uirthi, agus bhíodh an-tóir ar na cosáin seo. Bhíodh cáil orthu mar ábhar maith don tine, agus deirtear go mbíonn na hairní a fhásann ar an gcosán i bhfad níos milse freisin ná iad siúd a d’fhásfadh ar an sceach.

Bhíodh na hairní siúd á mbailiú ar na creaga mar a bheadh milseáin ann ag deireadh an fhómhair, bheidís milis an tráth sin, i gcomparáid le luath sa séasúr nuair a bhíonn siad glas ar an taobh istigh agus géar.

  1. “Prunus spinosa” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. i mBéarla, blackthornsloe
  3. 3.0 3.1 Hussey, Matt (2011). "Draighean". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 221.