Aiteann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAiteann
Ulex Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdFabales
FineFabaceae
FofhineFaboideae
GéineasUlex Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Tor le duilleoga lannacha is bláthanna buí cumhra i bhfoirm piseanna is ea an aiteann.[1] Suas le 2 m ar airde. Fairsing in Éirinn. Den chineál Ulex europeaus. Úsáidtear é chun ithir ghaineamhach a choinneáil daingnithe nó fálta a dhéanamh thart ar pháirceanna. Fadó bhí sé ina bhia d'ainmhithe. Dhéantaí camáin as a adhmad. D'úsáidtí mar luibh é mar leigheas ar an mbuíochán, galar duán, galar croí is casacht. Tá an dara cineál ann, aiteann gaelach, atá go fairsing in Éirinn freisin. Fasánn sé seo níos ísle, agus tagann na bláthanna air níos déanaí sa bhliain.[2]

Fear i gGleann Seisce, Contae Aontroma, sa sean-am ag bualadh aitinn i gcomhar na gcapall

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Ulex” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Aiteann". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 29.