Abies

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Giúis)
Abies
 giúis Chóiréach (Abies koreana) buaircín agus duilliúr
giúis Chóiréach (Abies koreana) buaircín agus duilliúr
Aicmiú eolaíoch
Ríocht: Plantae
Aicme: Pinopsida
Ord: Pinales
Fine: Pinaceae
Géineas: Abies
Mill.
Speiceas
féach ar an téacs

Ball de ghné na gcónaiféar síorghlas, dúchasach don réigiún measartha sa leathsféar thuaidh, oirthear na hÁise go háiritheis ea an Abies. Na géaga is na craobhóga i bhfainní, le fáinne nua in aghaidh na bliana. Na duilleoga i 3 chineál: duilleoga an tsíolphlanda (caol fiaclach), duilleoga crotalacha aibí (ar phéacáin fhada, a chailltear go luath), agus duilleoga snáthaidchruthacha (i mbearta 2, 3 nó 5 cinn, ag brath ar an speiceas, iompartha ar phéacáin in ascaillí na nduilleog crotalach). Na buaircíní adhmadacha ar crochadh, dhá bhliain d'aois ar a laghad nuair a bhíonn siad aibí. Fástar go forleathan mar chrann foraoise í i gcomhair an adhmaid is an roisín a tháirgeann tuirpintín, tarra is pic, agus a thugann a boladh sainiúil di. An t-adhmad luachmhar mar go bhfuil sé frithsheasmhach i gcoinne meatha de bharr go bhfuil an oiread sin roisín ann.