Féithleann
| Lonicera | |
|---|---|
Lonicera ciliosa | |
| Planda | |
| Cineál an toraidh | caor |
| Tacsanomaíocht | |
| Ríocht | Plantae |
| Ord | Dipsacales |
| Fine | Caprifoliaceae |
| Géineas | Lonicera L., 1753 |
| Cineál tacsanomaíoch | Lonicera caprifolium |
| Ainmníocht | |
| Ainm comhchiallach an tacsóin | |
Tor nó planda féithleanta sa ghéineas Lonicera is ea féithleann. Tá sé dúchasach don chrios measartha i Meiriceá Thuaidh agus san Eoráise.[1] Tá thart ar 180 speiceas féithleann ar eolas ar an dá mhór-roinn.[1] I measc na speiceas ar fearr aithne orthu, tá Lonicera periclymenum (féithleann coitianta), Lonicera japonica (féithleann Seapánach) agus Lonicera sempervirens (féithleann trumpa). Is speiceas coimhthíoch an-ionrach é L. japonica a mheastar a bheith ina lotnaid shuntasach áiteanna éagsúla i Meiriceá Thuaidh, san Eoraip, i Meiriceá Theas, san Astráil agus san Afraic.[1]
Tá roinnt speiceas thar a bheith cumhra agus ildaite, agus mar sin saothraítear iad mar phlandaí ornáideacha. I Meiriceá Thuaidh, meallann na bláthanna dordéin, go háirithe L. sempervirens agus L. ciliosa (féithleann oráiste). Tagann an t-ainm Béarla honeysuckle ón neachtar milis inite atá ar fáil óna bhláthanna.[2] Tagann an t-ainm Lonicera ó Adam Lonicer, luibheolaí de chuid na hAthbheochana.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 “Lonicera japonica”. CABI (29 Samhain 2018). Dáta rochtana: 3 Lúnasa 2019.
- ↑ “Honeysuckle”. Merriam-Webster Dictionary (2017).