Briatharogham
I luathlitríocht na Gaeilge, nath meafarach dhá-fhoclach (kenning[1]) is ea Briatharogham (Meán-Ghaeilge Bríatharogam) a míníonn ainmneacha na litreacha Oghaim. Caomhnaítear trí liosta éagsúla a théann siar go dtí ré na Sean-Ghaeilge, mar a leanas:
- Briatharogham Morainn mac Moín
- Briatharogham Maic ind Óc
- Briatharogham Con Culainn
Faightear an chéad dá cheann i ngach cóip den Leabhar Oghaim atá ar marthain, cé nach bhfaightear Con Culainn ach i lámhscríbhinní den 16ú agus 17ú haoiseanna. Déanann Auraicept na n-Éces tuairisc agus ciall ar Bhriatharogham Morainn mac Moín.
Chreideadh scoláirí na meánaoise níos deireanaí gur ainmneacha crann ab ea na litreacha go léir, agus rinne siad iarracht na briatharoghaim a léirmhíniú dá réir sin. De réir scoláireacht nua-aimseartha, ámh níl ann ach ocht litir ainmnithe as crainn, agus go dtacaíonn na briatharoghaim féin an moladh seo.
Is iad a leanas na Briatharoghaim mar a d'eagraigh McManus (1988) iad (as Sean-Ghaeilge normalaithe):
Litir | Gluais | Bríatharogam | |||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
Ciall | Córas na gCrann | Morainn mac Moín | Maic ind Óc | Con Culainn | |||
ᚁ | B | Beith | Beith | Beith | féochos foltchain feochos foltchaoin |
glaisem cnis is léithe cnis |
maise malach áille mhala |
ᚂ | L | Luis | Lasair, Luibh | Caorthann | lí súla[ae 1] loinnir shúile |
carae cethrae cara bólachta |
lúth cethrae coth bólachta |
ᚃ | F | Fern | Fearn | Fearn | airenach fían[ae 2] urgharda fiann |
comét lachta coimeádán bainne |
dín cridi díon croí |
ᚄ | S | Sail | Saileach | Saileach | lí ambi[ae 3] dath neamhbheo |
lúth bech coth beach |
tosach mela tosach meala |
ᚅ | N | Nin | Gabhal | Fuinseog | costud síde[ae 4] costadh síthe |
bág ban maíomh ban |
bág maise maíomh áille |
ᚆ | H, Y | Úath | Fuath | Sceach gheal | condál cúan comhdháil conairte[ae 5] |
bánad gnúise bánú aghaidhe |
ansam aidche is deacra istoíche |
ᚇ | D | Dair | Dair | Dair | ardam dosae is airde crann |
grés soír maisiú ceirdne |
slechtam soíre sleachta ceirdne |
ᚈ | T | Tinne | Teilgean | Cuileann | trian roith[ae 6] trian rotha |
smiur gúaile smior gualaigh |
trian n-airm trian airm |
ᚉ | C | Coll | Coll | Coll | caíniu fedaib[ae 7] is caoine crann |
carae blóesc cara blaoscanna |
milsem fedo is milse crann |
ᚊ | Q | Ceirt | Tom, Giobal | Abhaill | clithar baiscill[ae 8] cliothar allta |
bríg anduini brí anduine |
dígu fethail díogha suaitheantais |
ᚋ | M | Muin | Muin, cleas, cion | Fíniúin | tressam fedmae[ae 9] is treise saothair |
árusc n-airlig rosc eirligh |
conar gotha conair ghutha |
ᚌ | G | Gort | Gort | Eidhneán | milsiu féraib[ae 10] is milse féar |
ined erc ionad bó |
sásad ile sásamh uile |
ᚍ | NG | nGéadal | Ár | Giolcach | lúth lego[ae 11] coth súmaire |
étiud midach éadach lianna |
tosach n-échto tosach áir |
ᚎ | Z | Straif | Ruibh | Draighean | tressam rúamnai[ae 12] treise ruaimnithe |
mórad rún móradh rún |
saigid nél lorg néal |
ᚏ | R | Ruis | Rua | Trom | tindem rucci[ae 13] is drislí ruachana |
rúamnae drech ruaimniú dreach |
bruth fergae bruth/teas feirge |
ᚐ | A | Ailm | Péine? | Giúis | ardam íachta[ae 14] is airde iachta |
tosach frecrai tosach freagra |
tosach garmae tosach gairme |
ᚑ | O | Onn | Fuinseog | Aiteann | congnaid ech lasc each |
féthem soíre is féith ceirdne |
lúth fían fuinneamh fiann |
ᚒ | U | Úr | Cré | Fraoch | úaraib adbaib fuaraibh adbhaibh |
sílad cland síolú plandaí |
forbbaid ambí taiséadach neamhbheo |
ᚓ | E | Eadhadh | Creathach | Creathach | érgnaid fid[ae 15] éargna feánna |
commaín carat comaoin cairde |
bráthair bethi (?) bráthair beithe |
ᚔ | I | Iodhadh | Iúr? | Iúr | sinem fedo is sine feá |
caínem sen is caoine sean |
lúth lobair (?) fuinneamh lobhair |
ᚕ | EA | Éabhadh[2] | Anaithnid | Creathach | snámchaín feda snámhchaoin feá/litreach |
cosc lobair cosc lobhair |
caínem éco[3] is caoine éisc |
ᚖ | OI | Ór[4] | Feoras, nó eidhneán | sruithem aicde[5] is sruithe/fiannaí ábhar |
lí crotha lí/loinnir crutha |
||
ᚗ | UI | Uilleann[6] | Uilleann | Féithleann | túthmar[7] fid is cumha fiodh/crann |
cubat oll[8][ae 16] banlámh mhór |
|
ᚘ | IO | Ifín | Spíon? | Spíonán, nó spíon | milsem fedo is milse feá |
amram blais is iontaí blais |
|
ᚙ | AE | Eamhancholl[9] | Eamhain coill | Cúpla coill | lúad[10] sáethaig och saothaigh |
mol[11] galraig crónán galraigh |
|
ᚚ | P[12] | Peith | Dwarf elder | ||||
- ↑ li sula luis (.i. caertheand) ar ailleacht a caer
- ↑ airenach fían (.i. fernd) air is di na sgeith
- ↑ li ambi .i. nemli lais .i. ar cosmaillius a datha fri marb
- ↑ cosdad sida nin .i. uinnius, ar is di doniter craind gae triasa
- ↑ comdal cuan huath (.i. sce L. om); no ar is uathmar hi ara deilghibh
- ↑ trian roith tindi L .i. ar is cuileand in tres fidh roith in carbait
- ↑ coll .i. cach ac ithi a chno
- ↑ clithar boaiscille .i. elit gelt quert (.i. aball)
- ↑ airdi masi muin .i. iarsinni fhasas a n-airde .i. finemhain
- ↑ glaisiu geltaibh gort (.i. edind)
- ↑ luth lega getal (.i. cilcach) no raith
- ↑ aire srabha sraibh (.i. draighin)
- ↑ ruamma ruice ruis (.i. trom)
- ↑ crand giuis .i. ochtach
- ↑ ed uath .i. crand fir no crithach
- ↑ cubat n-oll .i. uilleann .i. edlenn
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Damian McManus, Irish letter-names and their kennings, Ériu 39 (1988), 127-168.