Litir (aibítir)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Litreacha ar chártaí

Carachtar scríofa, nó graiféim, is ea litir a úsáidtear i gcóras aibítre cosúil leis an leagan den aibítir Rómhánach a úsáidtear sa Ghaeilge. Úsáidtear litreacha leis an iliomad teangacha a scríobh, agus is féidir aibítir a chur in oiriúint do theanga ar bith, rud a dhéantar mar áis foghlamtha nó foghraíochta i gcomhair theangacha nach scríobhtar le aibítir sa ghnáthshaol cosúil leis an tSeapáinis. Go ginearálta, cuireann litreacha fóinéimí (aonaid fhoghraíochta) de chuid teanga labhartha in iúl, cé gur annamh a bhíonn comhfhreagairt lánbheacht idir litreacha agus fónéimí i dteanga.

Tá aibítreacha ann nach aibítreacha Rómhánach iad. Dhá cheann ar fiú a lua ná córais na hAraibise agus na hEabhraise. Abjad a thugtar ar an gcineál aibítre sa dá theanga. In abjad ní scríobhtar ach consain na teangan agus fágtar na gutaí ar lár de ghnáth. Tá córais eile ann ina gcuireann na comharthaí scríofa siollaí in iúl mar Hiragana agus Katakana na Seapáinise. "Siollagraim" a thugtar uaireanta ar na comharthaí seo. I dteangacha dála na Sínise úsáidtear comharthaí a chuireann focail i gcéill; "logagraim" a thugtar orthu seo go minic.