Zú

Zú Dallas sna Stáit Aontaithe, sampla de zú nua-aimseartha

Daoine ag cleachtadh péintéireachta i zú i bPáras timpeall 1902. Taispeánann an pictiúr a laghad agus a mhínádúrtha agus a bhíonn cásanna den seanchineál.
Páirc nó áit eile ina gcoinnítear ainmhithe, idir fhiáine nó cheansaithe, le taispeáint don phobal is ea zú, nó gairdín ainmhithe. Tagann an focal zú ón mBéarla, giorrachán ó [London] Zoological Garden, an chéad zú ar domhan a bunaíodh ar son cuspóirí eolaíochta. Tháinig an zoo- in zoological as zōon (ζῷον, "ainmhí") na sean-Ghréigise.
Tá bailiúcháin ainmhithe ar eolas againn ó ríochtaí ársa na hÉigipte, na hAisiria, na Síne agus na nAstacach.
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |