Astacach
Ba ghrúpa eitneach iad na hAstacaigh as Mheiriceá Láir (an Meicsiceo inniu). Bhain siad ceannasaíocht pholaitiúil agus mhíleata amach fud fad Méisimheiriceá sa 14ú, 15ú agus 16ú haois - tréimhse a ghairtear 'an Peiriad iar-Chlasaiceach' sa chroineolaíocht Mhéisimheiriceánach. Labhair na hAstacaigh an teanga Nahuatl.
Téarmaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ciallaíonn an focal 'Astacach' (Nahuatl: Aztecatl) "dhaoine ó Aztlán", áit mhiotaseolaíoch do lucht labhartha na Nahuatl san am sin, agus ina dhiaidh sin d'fhreastail sé mar fhocal sainmhínithe i gcomhair phobal Mhexica.
Is minic go mbíonn an téarma 'Astacach' in úsáid go heisiach don phobal Mhexica ó Tenochtitlan ( i gCathair Mheicsiceo), atá suite ar oileán i Loch Texcoco, a tagraíodh dóibh féin mar 'Mexica Tenochca' nó 'Colhua-Mexica'.
Uaireanta, cuimsíonn an téarma freisin áitritheoirí ón dhá phríomhchathairstát a bhí i gcomhghuaillíocht leis na Tenochtitlain, na hAcolhua ó Texcoco agus na Tepaneca ó Tlacopan, a bhunaigh mar aon leis na Mexica Comhaontas Triarach na nAstacach nó Impireacht na nAstacach.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Chuir Hernán Cortés impireacht na nAstacach faoi chois le harm an-bheag sa bhliain 1521.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]