An Nachuáitlis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Nahuatl (teanga))
Infotaula de llenguaAn Nachuáitlis
Nawatlahtolli, nawatl agus mexkatl

Cineálteanga
Úsáid
Cainteoirí dúchais1,925,620 (2015)
StáitMeicsiceo agus an tSalvadóir
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teanga bhundúchasach
teangacha bundúchasacha de chuid Chríocha Mheiriceá
Uto-Aztecan (en) Aistrigh
Nahuan (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheInstituto Nacional de Lenguas Indígenas (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-2nah
ISO 639-5nah
Glottologazte1234
IETFnah

Is í an teanga Nahuatl nó an Nachuáitlis an teanga bhundúchasach is tábhachtaí, ó thaobh na staire de, dá labhraítear i Meicsiceo. Ba í teanga na nAstacach í, a raibh ríocht mhór acu i Meicsiceo sular tháinig na conquistadores faoi cheannas Hernán Cortés leis an tír a fhorghabháil.

Teangeolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rangú teangeolaíoch

Ceann de na teangacha Út-Astacacha í an Nahuatl, agus í gaolmhar lena lán teangacha bundúchasacha ar fud Mheicsiceo agus iardheisceart na Stát Aontaithe. Áirítear na teangacha Shoshone, Comanche, Hopi, agus Ute san fhine teangacha seo, mar shampla. Bhí ceann acu, an teanga Pipil, á labhairt chomh fada theas leis an tSalvadóir féin, agus dlúthghaol aici leis an Nahuatl.

Tá canúint éigin Nahuatl ó dhúchas ag 1.45 milliún duine inniu, agus in imeacht na gcéadta bliain, chuaigh na canúintí ar strae ó chéile, ionas go mbíonn cuid acu dothuigthe ag cainteoirí na gcanúintí eile. Mar sin, is dócha nach aon teanga amháin í an Nahuatl a thuilleadh, ach dornán teangacha dlúthghaolmhara. Is follasach go raibh tionchar mór ag an Spáinnis ar na canúintí seo go léir. Scéal eile é gur cuireadh an aibítir Laidineach - aibítir na Spáinnise - i bhfeidhm ar an Nahuatl go gairid i ndiaidh theacht na Spáinneach, agus scríobhadh a lán litríochta, filíochta, staire agus béaloidis síos ó na hAstacaigh i leagan den Nahuatl nach raibh truaillithe ag an Spáinnis go fóill. Is é seo an leagan Clasaiceach den Nahuatl.

Déimeagrafaíocht inniu

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá flúirse litríochta ar fáil sa Nahuatl Chlasaiceach. Mhair an teanga liteartha á saothrú ar feadh i bhfad ag na manaigh Chríostaí féin, agus iad ag scríobh scéalta cráifeacha Caitliceacha sa teanga leis an gcreideamh a chraobhscaoileadh i measc na mbundúchasach. Bhí sí fiú ina teanga riaracháin i gcuid mhaith bailte móra.

Níor tháinig deireadh leis seo ach sa bhliain 1696, nuair a choisc Séarlas a Dó, Rí na Spáinne, teangacha oifigiúla eile seachas an Spáinnis ar fud a Impireachta.

Sa bhliain 1770, tháinig reacht nua a chuir deireadh le saothrú an leagain chlasaicigh den Nahuatl. Níor fágadh ach canúintí labhartha in úsáid ina dhiaidh sin.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coidéacs Fhlórans (Imleabhar 9, leathanach 51). Tá an téacs ar dheis i Nahuatl.

Cé nach bhfuil ach teanga mhionlaigh sa Nahuatl inniu, bhí tionchar tábhachtach aici ar an Spáinnis lena lá. Fuair an Spáinnis a lán téarmaí ar iasacht ón teanga sin le coincheapa nua an Oileáin Úir a ainmniú, agus chuaigh na focail Nahuatl tríd an Spáinnis ar fud an domhain. Focail Nahuatl iad ó thús

  • "seacláid" (xocolatl, a chiallaíonn "uisce searbh": bhí deoch seacláide na nAstacach searbh),
  • "cadhóit" (mac tíre an Oileáin Úir, coyotl),
  • an piobar chili,
  • agus an t-abhacád (an toradh glas - is é is bunchiall leis an bhfocal Nahuatl ná "magairle", ó shíl na hAstacaigh go raibh an toradh cosúil le magairle ar a dhéanamh).

Réabhlóid 1918[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain an réabhlóidí Emiliano Zapata úsáid as an Nahuatl scríofa nuair a bhí sé ag gríosú na mbundúchasach chun cogaidh in aghaidh Venustiano Carranza sa bhliain 1918.

Seo forógra a bhreac sé síos. Bhain sé úsáid as litriú na Spáinnise de réir mar a rith leis, agus ní fhreastalaíonn an litriú tobchumtha seo go rómhaith ar fhuaimeanna na teanga.

Tlanahuatil Panoloani
An Altepeme de non cate itech nin tlalpan de netehuiloya den tlanahuatiani Arenas.
Axcan cuan nonques tlalticpacchanéhque de non altepeme tlami quitzetzeloa neca tliltic amo cuali nemiliz Carrancista, noyolo pahpaqui ihuan itech nin mahuiztica, intoca netehuiloanime-tlatzintlaneca, ihuan nanmechtitlanilia ze páhpaquilizticatlápaloli ihuan ica nochi noyolo niquinyolehua nonques altepeme aquihque cate qui chihuazque netehuiliztle ipampa meláhqui tlanahuatil ihuan amo nen motenecahuilia quitlahtlaczazque in anmocualinemiliz. tiquintlahpaloa nonques netehuiloanime tlen mocuepan ican nin yolopaquilizticatequi, ihuan quixnamiqui in nexicoaliztle ipan non huei tehuile tlen aic hueliti tlami nian aic tlamiz zeme ica nitlamiliz in tliltic oquichtlanahuatiani, de neca moxicoani, teca mocaya de non zemihcac teixcuepa tlen itoca Venustiano Carranza que quimahuizquixtia in netehuiliztle ihuan quipinahtia to tlalticpac-nantzi "Mexico" zeme quimahuizpolóhtica.

Aistriúchán:

"Teachtaireacht atá le scaoileadh timpeall:
Do na bailte móra sa limistéar a bhí ag taobhú leis an nginearál Arenas.
Anois, a mhuintir an domhain seo, a mhuintir na mbailte móra sin, croithigí díbh iarsmaí drochrialtas dubh Carranza, Tá an-lúcháir ar mo chroí. Thar a gcionn siúd atá ag cur cogaidh i mo chuid sluaite, beannaím daoibh ó bhun mo chroí agus impím ar na bailte móra, impím ar a muintir, teacht chun fortachta dúinn sa chath seo ar mhaith leis an gcumhacht chuí, in áit a bheith ag tabhairt orduithe le nósanna maithe bhur saoil a chur ó mhaith. Fearaimid fáilte roimh na trodaithe a thiocfaidh ag cuidiú linn sa dea-obair seo agus a chuirfidh troid ar an gcraosaireacht sa chogadh ghlórmhar seo. Ní chuirfear deireadh leis an gcogadh seo sula mbeidh deireadh curtha leis an tíoránach, leis an gcraosaire úd Venustiano Carranza a bhíonn i gcónaí ag caitheamh anuas ar an gcosmhuintir agus ag baint a leasa féin astu, ag cur cogaidh gan onóir agus ag náiriú Mheicsiceo, tír ár ndúchais."

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]