Hernán Cortés

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hernán Cortés
Hernán Cortés Retrato Portrait 17th century.png
Fear Ionaid an Rí sa Spáinn Nua

Lúnasa 13, 1521 - Nollaig 24, 1521 - Cristóbal de Tapia
Fear Ionaid an Rí sa Spáinn Nua

Nollaig 30, 1521 - Deireadh Fómhair 12, 1524
Cristóbal de Tapia - Alonso de Estrada (en) Aistrigh, Rodrigo de Albornoz (en) Aistrigh, Alonso de Zuazo (en) Aistrigh
Saol
Eolas breitheMedellin, 1485
NáisiúntachtImpireacht na Spáinne
Habsburg Spain (en) Aistrigh
An Spáinn
BásCastilleja de la Cuesta, 2 Nollaig 1547
Áit adhlacthaCathair Mheicsiceo
Cúis bháisbás nádúrtha (dinnireacht
pliúraisí)
Muintir
AthairMartín Cortés de Monroy
MáthairDoña Catalina Pizarro Altamirano
Céile/CéilíQ113995403 Aistrigh  1583)
Catalina Suárez Marcayda (en) Aistrigh  (1512 -  Samhain 1, 1522)
Páirtí/PáirtitheLa Malinche
Isabel Moctezuma (en) Aistrigh
Páistí
Oideachas
TeangachaAn Spáinnis
Gairm
Gairmtaiscéalaí, gobharnóir agus Conquistadores
Duaiseanna
Seirbhís mhíleata
Brainse míleataSpanish Army (en) Aistrigh
Céimoifigeach coitianta
Throid sé/sí agSpanish conquest of the Aztec Empire (en) Aistrigh
Hernan Cortes Signature.svg

Ba thaiscéalaí Spáinneach é Hernán Cortés (1485 - 2 Nollaig 1547) a chuir impireacht na nAstacach i Meicsiceo faoi chois le harm an-bheag. Spreag sé sin daoine eile chun saibhreas an Domhain Nua a lorg dóibh féin.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Cortés i Medellín, Extremadura, an Spáinn sa bhliain 1485 is cosúil.

Sheol a athair é chuig ollscoil Salamanca agus rinne sé staidéar ar dlí ach d'éirigh sé as roimh a chúrsa a chríochnú.

Conquistador[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cosúil le mórán Spáinneach óg eile, thug Cortés aghaidh ar an Domhan Nua. Sa bhliain 1504, shroich sé Santo Domingo, ar an oileán Easpáinneoil.

Bhain Cortés páirt amach i ngabháil Easpáinneola sa bhliain 1506. Bronnadh eastát agus sclábhaithe Indiacha air.

Léigear Tenochtitlan agus Hernan Cortés (ealaíontóir Michel Wal)

Ansin bhain Cortés páirt amach i ngabháil Chúba i 1511 le Diego Velázquez.

Sa bhliain 1519, bhí Cortés i gceannas ar fhórsa sluaíochta go Meicsiceo. I 1521, ba é Cortés a chloígh na hAstacaigh i Meicsiceo agus a bhunaigh coilíneacht na Nua-Spáinne (Nueva España) ansin.

Scannal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Cortés bean Spáinneach, Catalina Súarez, i gCúba, timpeall 1516. Ach bhí leanbh neamhdhlisteanach aige le bean bhundúchasach, a bhfuil aithne uirthi mar Malintzín, Marina nó La Malinche, timpeall 1522. Feallmharaíodh Catalina Súarez sa bhliain chéanna is cosúil.

Sheol Cortés ar ais go dtí an Spáinn sa bhliain 1528. Bhí air a chuid gníomhartha a chosaint roimh an rí. Rinne Cortés cás éifeachtach agus phós sé bean uasal, Doña Juana Zúñiga.

Turais thaiscéalaíocha eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1524, bhí Cortés i gceannas ar fhórsa sluaíochta go Hondúras agus d'fhan sé ann dhá bhliain. Tháinig sé ar Baja California i 1536.

Sa bhliain 1540, chuaigh Cortés ar scor go dtí an Spáinn agus i 1547, bhásaigh sé i Sevilla ar an 2 Nollaig,

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]