Gort (ogham)
Cuma
(Athsheolta ó Gort)
Gort | |
---|---|
Cineál | litir oghaim |
Ball de | ogham |
Is í an seachtú litir den aibítir oghaim an Gort.[1][2] Is í an dara litir den Aicme Mhuine. Tugtar eidhneán nó eidheann ar an ngort sa nua-Ghaeilge. Is é [g] a luach foghraíochta.
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gaolta is ea ainm na litreach le garth 'garraí' na Breatnaise agus hortus na Laidine. Athchruaíodh an focal sa Ghaeilge Chianach mar *gorto-s. Fréamhaithe ón bPróit-Ind-Eorpais *gher-, *ghort- 'iniaigh; clós, iamh' is ea í.
Briatharoghaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) d' ainm na litreach le fáil sna Briatharoghaim:
- milsiu féraib (is milse féar)
- ined erc[3] (ionad bó)
- sásad ile (sásamh uile)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]