An Riail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Riail
an Riail
an Riail
Ainm Laidine (IAU)Norma
NodNor
Ginideach LaidineNormae
Siombalaíochtan Dronbhacart
Dronairde16 h
Diallas−52°
Achar165 céim cearnach
Céim 74ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gileγ2 Nor
(méid 4.0)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +30° agus −90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Iúil an infheictheacht is fearr

Réaltbhuíon bheag neamhfheiceálach is ea an Riail atá suite ar an leathsféar neamhaí theas idir réaltbhuíon na Scairpe agus réaltbhuíon an Cheinteáir. Ba é an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh an réaltbhuíon seo sna blianta 1751-52. Téann Bealach na Bó Finne tríd an Riail, ach is amhlaidh gur doiléir dá cuid réaltaí féin.

Tugtar Norma mar ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo, rud a chiallaíonn "dronbhacart" nó "L-bhacart". As Béarla gairtear The Rule, The Carpenter's Square, The Set Square agus The Level de.


Príomhghnéithe[cuir in eagar | athraigh foinse]


Réada suntasacha domhainspéire[cuir in eagar | athraigh foinse]


Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh réaltbhuíon na Rialach. Chaith Lacaille na blianta 1751 agus 1752 san Afraic Theas agus é ag clárú réaltaí an leathsféir theas. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain 1756 ach ní raibh ann ach plánaisféar agus é sa teanga Fraincise. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain 1763, bliain amháin tar éis bhás Lacaille. Coelum Australe Stelliferum an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an Laidin, agus chuir sé trí réaltbhuíon na Cíle, na Seolta agus Dheireadh na Loinge in áit Argo Navis (nó Le Navire, mar a thug sé air sa chéad eagrán).

Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an Riail ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá atá inniu ann glacann an an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.

L'Équerre et la Règle ("an Dronbhacart agus an Rialóir") an t-ainm Fraincise a thug Lacaille ar an réaltbhuíon seo ar dtús. Norma ("an Dronbhacart") an t-ainm Laidine a tugadh uirthi ar an bplánaisféar a tháinig amach sa bhliain 1763. Sa bhliain 1801, ar an léarscáil neamhaí Uranographa de chuid an réalteolaí Ghearmánaigh Johann Bode, tugadh Norma et Regula ("an Dronbhacart agus an Rialóir") mar ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo. Norma an t-ainm Laidine a thugtar uirthi sa lá atá inniu ann.

As Béarla, sa leabhar dá chuid darb ainm Star Names: Their Lore and Meaning, thug R. H. Allen The Level and Square ("an Leibhéal agus an Dronbhacart") mar ainm ar an réaltbhuíon seo, ach seans ann gur thóg sé Norma in ainriocht réaltbhuíon Thriantán an Deiscirt – thug Lacaille Le Niveau ("an Leibhéal") ar an réaltbhuíon sin.

Sa lá atá inniu ann, is amhlaidh go bhfuil réaltbhuíon na Rialach níos lú ná mar a bhí sí nuair a chruthaigh Lacaille í. Na réaltaí ar thug Lacaille Alpha Normae agus Beta Normae orthu, faightear ar réaltbhuíon na Scairpe inniu iad; N Scorpii agus H Scorpii faoi seach na hainmneacha a thugtar anois orthu. Mar sin de, is é Gamma Normae an réalta is gile de chuid na Rialach.

Miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ós rud é nár cruthaíodh réaltbhuíon na Rialach go dtí an 18ú haois, níl aon bhaint aici le miotaseolaíocht an tSeansaoil. Lena chois sin, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an réaltbhuíon seo ós rud é gur scoir Lacaille den thraidisiún sin ar dá réir a d'ainmnítí na réaltbhuíonta as carachtair mhiotaseolaíocha; ina áit sin roghnaigh sé go formhór ainmneacha uirlisí a úsáidtear sna heolaíochtaí.

Réaltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
  • Wharton, E. R. (1892). The Derivation of Latin Nōrma. The Classical Review, v.6, no.1/2, pp.11-12. .


Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752

an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir