An tSaighead

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

an tSaighead

an tSaighead

gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil

Ainm Laidine Sagitta
Ginideach Laidine Sagittae
Nod Sge
Siombalaíocht an tSaighead
Dronairde 19.8333 h
Diallas 18.66°
Achar 80 céim cearnach
Rangú: 86ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gile γ Sge
(méid 3.47)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leis
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −70°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Lúnasa

An tríú réaltbhuíon is lú is ea an tSaighead; i measc na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an tARI leo ní lú ná í ach an Capall Beag agus Cros an Deiscirt. Chuir Tolamaes san áireamh í ar a chatalóg cháiliúil, i dteannta 47 seanréaltbhuíon eile. Sna laethanta úd, áfach, bhí an réaltbhuíon seo nios lú fós, gan ach 4 chéim chearnach á dtomhas ina réisí. Sagitta an t-ainm Laidine a thugtar uirthi, a chiallaíónn saighead.
Ós rud é go bhfuil an réaltbhuíon seo suite beagán ó thuaidh den mheánchiorcal neamhaí, tá sí infheicthe ó gach uile áit den Domhan ach amháin na ceantair is faide ó dheas.
Tá na réaltbhuíonta seo a leanas teorainn ar theorainn leis an Saighead (ag tosach ar an tuaisceart agus ag oibriú ar deiseal): an Sionnach, Earcail, an tIolar agus an Deailf.

Príomhghnéithe[athraigh | edit source]

Seo iad a leanas cúpla de na réaltaí is gile de chuid na Saighde:

  • α Sge: dá ngairtear freisin Sham. Tá an fathachréalta bhuí gheal seo ar aicme speictreach G1 II agus ar méid dhealraitheach 4.37. Tá sí suite 610 solasbhliain i bhfad uainn. I dteannta β Sge (ar méid 4.37 fosta) déanann sí na cleití ar chos na saighde, é sin nó an tsaighead dhébhiorach a bhíodh in úsáid fadó in arm na Sean-Róimhe.
  • γ Sge: i dteannta δ Sge agus ε Sge, déanann an fathachréalta fhlannbhuí fhionnuar seo (M0 III, 3.47) cos na Saighde. Níl sí suite ach 170 solasbhliain i bhfad i gcéin.


Réada suntasacha domhainspéire[athraigh | edit source]


Stair[athraigh | edit source]

San am atá thart thugtaí Sham ar an réaltbhuíon go léir seachas ar α Sge.

I dtaca leis an réaltbhuíon seo, theip ar Johann Bayer na réaltaí a ainmiú in ord a ngile ar atlas neamhaí dá chuid dá ngairtear Uranometria. Sa chás seo, níor thug sé ach γ ar an réalt is gile. Níl α ach ar an tríú réalt is gile.

Miotaseolaíocht[athraigh | edit source]

Cé nach bhfuil aon réaltaí gile ar an réaltbhuíon seo, aithníodh mar shaighead í ag a lán cultúr [1], ina measc na Peirsigh, na hEabhraigh, na Gréagaigh agus na Rómhánaigh. Mar sin de, is iomaí scéal atá ann chun brí na Saighde a léiriú. Tá baint éigin ag an dá scéal is tábhachtaí le dhá réaltbhuíon theorantacha, .i. Earcail, a d'ionannaítí fadó le fia bairr, (ar an taobh thiar di) agus an tIolar (ar an taobh thoir di).

De réir an chéad scéil, ghoid an Tíotán Proiméitéas tine ó na déithe agus thug sé don chine daonna í. Chuir an gníomh seo an méid sin fearg ar Shéas gur cheangal sé Proiméitéas de charraig le slabhra, áit ar d'itheadh iolar (.i. réaltbhuíon an Iolair) a ae gach lá. Ó tharla go raibh Proiméitéas neamhbhásmhar, áfach, d'athfhásadh a ae gach oíche, agus ar ais leis an iolar an lá arna mhárach chun é a ithe arís; mar sin de ní raibh deireadh lena phian riamh. Tharrtháil Earcail ón bpeannaid shíoraí seo é i rith an Dá Shaothar Déag trí an t-iolar a mharú le saighead agus an Tíotán a scaoileadh saor.

De réir scéil eile, mharaigh Earcail Éin Stimfealas, a bhí ag coinneáil Arcadia faoi uamhan, le crothal. Ionannaíodh Éin Stimfealas iad féin le réaltbhuíonta an Iolair, na hEala agus na Lire.

De réir cuntas eile, ionannaíodh an Saighead le Saighead Chúipid nó le saighead a scaoil an Saighdeoir ag an Scairp (nó leis an saighead a scaoil an Ceinteár ag an Iolar, ós rud é go bhfuil an Ceinteár ag tabhairt a aghaidh sa treo ceart agus go bhfuil sé ar fiar oiriúnach leis an saighead, cé go bhfuil an Saighdeoir díreach faoina bun agus ag tabhairt a aghaidh sa treo eile (.i. os comhair an Cheinteáir)).

B'fhéidir go mbaineann an scéal seo leis an miotas sin ar dá réir a thréig Céarón (a aithníodh go coitianta leis an gCeinteár) a neamhbhásmhaireacht, tar éis d'Earcail é a ghortú go nimhneach, chun faoiseamh a fháil ón bpian. Sa leagan seo téann Céarón in áit Phroiméitéis: Earcail/Céarón ag marú an Iolair ionas nach bhfulaingeodh Céarón mar a d'fhulaing Proiméitéas. I dteannta réaltbhuíon an Fhaolchú, is cosúil go bhfuil baint éigin ag an scéal seo le bunús mhiotas Thorc Eirimeantach, atá ar cheann de Dhá Shaothar Déag Earcail.


Réaltaí[athraigh | edit source]

Réaltaí a bhfuil ainmnithe dílse acu:
  • Sham, Alsahm: (5/α Sge) 4.39
    < السهم as-sahm = an Saighead
Réaltaí a bhfuil ainmnithe Bayer acu:
α/5 Sge 4.39; β/6 Sge 4.39; γ/12 Sge 3.51; δ/7 Sge – dúbailte 3.68, 3.8; ε/4 Sge 5.67; ζ/8 Sge 5.01; θ/17 Sge – dúbailte 6.51, 8.9; η/16 Sge 5.09
Réaltaí a bhfuil ainmnithe Flamsteed acu:
1 Sge 5.65; 2 Sge 6.27; 3 Sge 6.84; 4/ε Sge 5.67; 5/α Sge 4.39; 6/β Sge 4.39; 7/δ Sge – dúbailte 3.68, 3.8; 8/ζ Sge 5.01; 9 Sge 6.24; 10/S Sge 5.24v; 11 Sge 5.54; 12/γ Sge 3.51; 13 Sge 5.33; 14 Sge 5.73; 15 Sge 5.80; 16/η Sge 5.09; 17/θ Sge – dúbailte 6.51, 8.9; 18 Sge 6.11

Féach fosta[athraigh | edit source]

Naisc sheachtreacha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.



Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir