Stoidiaca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An stoidiaca sa réalteolaíocht ː crios sa spéir 8° ar gach taobh den éiclipteach, ina bhfuil réaltaí daingnithe. Ar ndóigh, níl ann ach an chuma atá ar ghluaiseacht na gréine tríd an spéir ó shúil an duine dhaonna

Sa réalteolaíocht, is éard atá i gceist leis an stoidiaca ná crios sa spéir 8° ar gach taobh den éiclipteach, ina bhfuil réaltaí daingnithe. Bíonn cúrsaí dealraitheacha na gréine, na gealaí is an domhain taobh istigh de.[1] Ach san astralaíocht, is éard atá i gceist ná cairt de chomharthaí an stoidiaca de ghnáth.

An stoidiaca san astralaíochtː cairt de chomharthaí an stoidiaca
An Rúis, 2004

An stoidiaca sa réalteolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáideadh an téarma i réimse na réalteolaíochta chun tagairt a dhéanamh do na réaltbhuíonta trína dtaistealaíonn an ghrian le linn na bliana – ní thaistealaíonn an ghrian tríd na réaltbhuíonta féin ar ndóigh, níl ann ach an chuma atá ar ghluaiseacht na gréine tríd an spéir ó shúil an duine dhaonna anseo ar chlár na cruinne.[2]

An stoidiaca san astralaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ciallaíonn stoidiaca féin ‘ciorcal na n-ainmhithe beaga’ sa tSean-Ghréigis, mar gur bunaíodh ainmneacha na réaltbhuíonta ar ainmhnithe éagsúla den chuid is mó, mar atá: an Reithe, an Tarbh, an Cúpla, an Portán, an Leon, an Mhaighdean, an Mheá, an Scairp, an Saighdeoir, an Gabhar, an tUisceadóir, agus na hÉisc.[2]

Rangaítear na réaltaí sa chrios seo ina 12 réaltbhuíon is a comhartha féin ag gach ceann. Ag tosú ó chónocht an earraigh is ag bogadh soir, is iad seo na comharthaí:[3]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ón tSean-Bhablóin (sibhialtacht sa Mheaspatáim a bhí ag cur an-spéis sa réalteolaíocht beagnach 4,000 bliain ó shin) a thagann an coincheap agus is uathu sin a tháinig sé isteach chun na hEorpa trí chultúr na Gréige agus na Róimhe.[2]

Measadh go forleathan ag an am go raibh tionchar ag na réaltchomharthaí ar an saol anseo ar domhan agus go rabhthas in ann eachtraí a thuar agus tréithe daoine a mheas, bunaithe ar an áit a raibh an ghrian, agus na reanna eile, nuair a rugadh iad.

Le réabhlóid na heolaíochta agus teacht chun cinn na réalteolaíochta nua-aimseartha sa 17ú haois, rinneadh seanchomharthaí an stoidiaca a scoilteadh ón réalteolaíocht féin (an staidéar eolaíoch ar na reanna neimhe) agus ba le réimse na hastralaíochta a luafaí iad feasta.

mhair an chreidiúint go bhfuil cumhacht éigin ag na reanna neimhe – agus ag na réaltbhuíonta go háirithe – orainn síos tríd na blianta agus mheasc an traidisiún leis an oiread sin gnéithe eile den saol – an Chríostaíocht san áireamh – go bhfuil sé go fóill neadaithe sa sícé ag go leor againn.[2]

Inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Inniu tá suíomhanna gréasáin a bhaineann leis an stoidiaca ar na cinn is mó tóir ar líne. Meastar gur féidir linn níos mó a fháil amach fúinn féin agus faoi na rudaí sin atá i bhfolach inár sícé.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 An Chailleach Chorcra (11/12/2019). "Cad é an stoidiaca? An Chailleach Chorcra" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-11-23.
  3. "Na Réaltaí ar Raidió Rí-Rá – Mí na Samhna 2015 | Raidio Ri-Ra" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-13. Dáta rochtana: 2021-04-13.