Cónocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Equinoxes-solstice EN.svg

Ciallaíonn cónocht go bhfuil an méid céanna dorchadais agus solais an lae ann, nó go sonrach, aon cheann den dá phointe ar an sféar neamhaí mar a dtrasnaíonn an t-éiclipteach an meanchiorcal neamhaí.[1] Ar an la seo, tá dhá uair an chloig déag de sholas an lae ann agus dhá uair an chloig déag den dorchadas.[2] [3]

bliain amháin

Go fisiciúil, is iad seo na pointí ag a dtrasnaíonn an ghrian an meánchiorcal neamhaí ina gluaisne bhliantúil:

  • idir 19 Márta agus 21 Márta sa leathsféar thuaidh, Cónocht an Earraigh, nó Lá Leathach an Earraigh, nuair a 'thrasnaíonn an ghrian ón deisceart don tuaisceart'[1] (tá síneadh 4n+ de sholas an lae gach lá in Éirinn timpeall an ama seo)
lá amháin ar 18 MF 2014

agus

Ar na laethanta sin, is díreach os cionn an mheánchiorcail a bhíonn an ghrian. Titeann an oiread céanna solais agus teasradaíochta ón ngrian ar an leathchruinne thuaidh is a thiteann ar an leathchruinne theas. Bíonn an lá agus an oíche chomh fada lena chéile - go díreach - ag an am seo.[4]

Tógtar cónocht an earraigh mar phointe nialais i gcórais comhordanáidí neamhaí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Hussey, Matt - Fréamh an Eolais, Coiscéim, 2011
  2. Cogg (Imleabhar 12, Eagrán 2 23 Meán Fómhair 2015). "Eureka". Dáta rochtana: 2020.
  3. jct.ie. "Leabhrán Acmhainní / Eolaíocht - Lá 1". Dáta rochtana: 2022.
  4. Eleathanach Iml 257, 20 Márta 2017