Cónocht an earraigh

Is éard is cónocht an earraigh (eacaineacht an earraigh uaireanta)[1] nuair a mbíonn an lá agus an oíche ar chomhfhad, timpeall 19-23 Márta sa leathsféar thuaidh. Tá muid leath bealaigh idir an lá is giorra sa mbliain agus an lá is faide sa mbliain.[2]
Sa leathsféar thuaidh tugtar 'cónocht an earraigh' air agus sa 'leathsféar theas' tugtar 'cónocht an fhómhair' air.[3][4] [5][6]
Cur síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn an solasteorainn[7] ar ais cheartingearach. Tá an cuma ar an scéal go bhfágann an pointe foghréine an leathsféar theas agus go dtrasnaíonn sé an meánchiorcal neamhaí, ag dul ó thuaidh mar a fheictear ón Domhan.
Béaloideas
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir an bhéaloidis má bhíonn aimsir bhreá ann ar chónocht an earraigh, is mó seans ná a mhalairt go mbeidh an samhradh go breá. Is éard atá ann ná mura mbíonn aon stoirm ar an lá féin, ná na laethanta roimhe ná ina dhiaidh, is maith an seans go mbeidh an samhradh go breá. Má bhíonn stoirm ann,19-23 Márta, samhradh fliuch atá romhainn (píosa eolais é sin a cruinníodh i mBaile Ard i gcontae an Chláir i mBailiúchán na Scol).[2]
An t-earrach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag an tráth seo den bhliain, tagann na bláthanna amach ar na crainnte magnóilia is tá bachlóga beaga le feiceáil ar na crainnte silíní chomh maith. Tá an chuma air go bhfuil na feithidí iad féin ag dúiseacht arís i ndiaidh an gheimhridh.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, an spring equinox nó an vernal equinox
- ↑ 2.0 2.1 Bridget Bhreathnach (20 Márta 2025). "DIALANN TUAIRISC: Sonny agus réalta Schitt’s Creek’, Cónocht an earraigh agus an fhearúlacht nimhiúil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-26.
- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais, Coiscéim, 2011
- ↑ Cogg (Imleabhar 12, Eagrán 2 23 Meán Fómhair 2015). "Eureka". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-17. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ jct.ie. "Leabhrán Acmhainní / Eolaíocht - Lá 1". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-09-21. Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Eleathanach Iml 257, 20 Márta 2017
- ↑ 7.0 7.1 7.2 "Terminator (solar)" (as en) (2024-05-07). Wikipedia.