An Bhablóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Bhablóin
Babili(m) (mis) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 32°32′33″N 44°25′16″E / 32.5425°N 44.4211°E / 32.5425; 44.4211
Stát ceannasachan Iaráic
Governorate of Iraq (en) AistrighBabylon Governorate (en) Aistrigh
CathairHillah Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Old Babylonian Empire (en) Aistrigh
Seleucid Empire (en) Aistrigh (312 "RCh"–305 "RCh")
Impireacht Acaeiméineach (530 "RCh"–330 "RCh")
Neo-Babylonian Empire (en) Aistrigh (609 "RCh"–539 "RCh") Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán150,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Díscaoileadh1 mílaois
Eachtra thábhachtach

Ba chathair-staid sa Mheaspatáim ársa í an Bhablóin (Sean-Ghréigis:Βαβυλών, ón Acáidis: Babili, Babilla) agus tá a hiarsmaí le fáil in Al Hillah, Cúige Babil, an Iaráic, sa lá atá inniu ann agus thart ar 85 ciliméadar (55 míle) ó dheas de Bhagdad.

Níl ach mullóg nó tell fágtha anois den chathair bhunaidh ársa, foirgnimh briste déanta as láibe-bríce agus a smionagair spréite ar mhachaire thorthúil na Measpatáime idir aibhneacha an Tígris agus na hEofraite.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh an chathair féin ar an Eofrait, agus bhí sí roinnte go cothrom fud fad bruacha na habhann, agus claífoirt géara i gcomhair tuilte séasúrach na habhann a choinneáil istigh aici.

Tugann taighde stairiúil reatha le fios dúinn go raibh an Bhablóin ina baile beag ar dtús báire. Ach d'fhás sí suas ag tús an 3ú mílaois RC. Tháinig rath ar an bhaile agus bhain sí cáil pholaitiúil amach le linn tréimhse Chéad Ríshliocht na Bablóine.

Ag éileamh go raibh sí ina chomharba ar Eireadú ársa, bhí an Bhablóin in ann Nippur a shárú mar "an chathair naofa" sa Mheaspatáim thart ar an am a chéad d'aontaigh an Rí Hamúráibí Impireacht na Bablóine, agus arís rinneadh lárionad dí idir 612-539 RC le linn an Dara Impireacht Bhablónach.

Thosaign deoraíocht na nGiúdach sa Bhablóin timpeall 605 RC.[1]

Gairdíní Léibheann na Bablóine

Maítear gur ghabh Cíoras Mór cathair na Babalóine ar an 17 Deireadh Fómhair 539 RC. Níos déanaí, scaoil sé na Giúdaigh “saor”, tar éis dóibh 70 bliain a chaitheamh i mbraighdeanas.[2]

Ba cheann amháin de seacht n-iontas an domhain iad Gairdíní Léibheann na Bablóine.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Babylonian captivity" (as en) (2020-10-15). Wikipedia. 
  2. "Cyrus the Great in the Bible" (as en) (2020-10-17). Wikipedia.