Plé:An Bodach

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An focal "astaireacht": Nuair a chuaigh mé i dteagmháil le Fidelma Ní Ghallchobhair ag an gCoiste Téarmaíochta le haghaidh mo chiclipéid réalteolaíochta féin, bhí sí ar aon fhocal liom nach gciallaíonn sé "asterism" ach i gcoimhthéacs na gcúrsaí clóbhuailteoireachta - is é sin, dornán de réiltíní beaga le dhá mhír an téacs a scaradh ó chéile. Is é an focal a mhol sí dom ar "asterism" na réalteolaíochta (grúpa suntasach de réaltaí ar cuid iad de réaltbhuíon éigin - ar nós Chrios Oiríon nó an Chamcheachta) ná "réaltlach", cosúil le creatlach agus cnámharlach. - Panu Petteri Höglund.