William Herschel
Jump to navigation
Jump to search
Réalteolaí agus ceoltóir a rugadh i Hannover na Gearmáine ab ea William Herschel (15 Samhain 1738 – 25 Lúnasa 1822). [1] Thóg sé an teileascóp frithchaiteach ba mhó ag an am, agus d'fhionn an pláinéad Úránas sa bhliain 1781, chomh maith le Titania agus Oberon, dhá ghealach de chuid Úránais. Rinne sé breathnaithe ar dhéréaltaí, agus thiomsaigh catalóg cháiliúil réaltaí.[2]
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Chuaigh sé go Sasana nuair a bhí sé in aois a 19 bliana agus chaith sé an chuid eile dá shaol ansin.
Sheinn Herschel roinnt uirlisí ceoil agus cumadóir ceoil a bhí ann freisin. Chum sé 24 shiansa agus roinnt míreanna ceoil eile.
Thug sé saol fada leis, agus an tseanaois a mharaigh é ar an 25 Lúnasa 1822 (83 in aois dó) i Slough.
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "William Herschel (1738-1822)". www.messier.seds.org. Dáta rochtana: 2019-08-25.
- ↑ "1939PA.....47...79B Page 79". adsabs.harvard.edu. Dáta rochtana: 2019-08-25.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |