Orgán (ceol)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilOrgán
Cineálorgán, sets of open flutes with internal duct without fingerholes (en) Aistrigh, sets of oboes with conical bore (en) Aistrigh agus wind instrument with keyboard (en) Aistrigh
Aicmiú Hornbostel-Sachs421.222.11+421.222.3+412.1
Raon seinm
Ó dhúchasAn tSean-Ghréig
Píborgán in Église Saint-Thomas i Strasbourg na Fraince

Gléas mór ceoil ina bhfuil cófra aeir, a choimeádtar lán le boilg, a ligtear amach faoi bhrú trí chomhlaí isteach i bhfeadáin éagsúla miotail is adhmaid d'fhaid is crónna éagsúla. Oibrítear na comhlaí le méara ar mhéarchláir a oibríonn méara agus/nó cosa an tseinnteora. Déanann gach feadán nóta ceoil ar leith, le hairde, tonndath is déine ar leith. Is féidir leis an orgán grúpaí feadán a sheinm ag an am céanna trí raon cnaipí, a dtugtar stadanna orthu, a bhrú isteach nó a tharraingt amach. Tugtar clárú ar raon stadanna ar leith. Go minic bíonn a dó nó a trí de mhéarchláir le hoibriú ag na lámha is ceann nó dhó ag na cosa. Tá orgáin leictreonacha ann freisin ina gcruthaítear na nótaí ceoil le leictreamaighnéid, ascaltóirí leictreonacha is callairí, atá an-dlúth i gcomparáid leis na horgáin mhóra mheicniúla.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Orgán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 499.