Raymond Chandler

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Raymond Chandler
Raymond Chandler (Lady in the Lake portrait, 1943).jpg
Saol
Ainm iomlán Raymond Thornton Chandler
Eolas breithe Chicago, Iúil 23, 1888
Náisiúntacht Stáit Aontaithe Mheiriceá
Teanga dhúchais An Béarla
Bás La Jolla, Márta 26, 1959
Áit adhlactha Mount Hope Cemetery (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás bás nádúrtha (niúmóine)
Oideachas
Alma mater Dulwich College (en) Aistrigh
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm scríbhneoir scripte scannáin, úrscéalaí, scríbhneoir agus file
Saothar iomráiteach The Big Sleep (en) Aistrigh
Farewell, My Lovely (en) Aistrigh
The High Window (en) Aistrigh
The Lady in the Lake (en) Aistrigh
The Little Sister (en) Aistrigh
The Long Goodbye (en) Aistrigh
Playback (en) Aistrigh
Poodle Springs (en) Aistrigh
Duais
Ainmníodh é/í le haghaidh
Daoine le tionchar air/uirthi Dashiell Hammett
Gluaiseacht ealaíne ficsean bleachtaireachta
Seirbhís mhíleata
Brainse míleata Arm na Breataine
Aerfhórsa Ríoga
Throid sé/sí ag An Chéad Chogadh Domhanda
IMDb nm0151452

Scríbhneoir scéalta bleachtaireachta agus scriptscríbhneoir scannán a bhí i Raymond Thornton Chandler, a rugadh i Chicago ar an 23 Iúil 1888 agus a fuair bás i San Diego ar an 26 Márta 1959. Bhí an-tionchar ag a stíl "chruabhruite", mar a deirtear, ar na scéalta bleachtaireachta, ar an gcineál daoine a bhíonn le feiceáil iontu agus ar an gcineál stíle a chleachtar iontu inniu. Is é príomhlaoch a chuid scéalta, Philip Marlowe, ionchollú an "bhleachtaire phríobháidigh" mar a shamhlaítear dúinn inniu é.

A Shaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur sna Stáit Aontaithe a rugadh é, chaith sé blianta a óige i Sasana. Thréig a athair - innealtóir a bhí ina alcólach - a theaghlach, agus chuaigh máthair Raymond, bean Éireannach, ar ais go dtí an Ríocht Aontaithe in éineacht lena mac. Ba é deartháir na máthar a choinnigh bia agus beatha leo. Ina fhear óg dó d'fhill Raymond go Meiriceá ag iarraidh a áit féin a aimsiú sa saol. Liostáil sé sna saighdiúirí sa Chéad Chogadh Domhanda, agus chaith sé seal ag troid. I ndiaidh an chogaidh, d'fhill sé go Los Angeles, agus rinne sé staidéar ar chuntasóireacht le jab seasta a fháil. Phós sé bean a bhí ocht mbliana déag ní ba sine ná é. Sna 1930idí, nuair a chaill sé a jab de dheasca na ndeacrachtaí a bhí aige leis an mbiotáille, thosaigh sé ag scríobh scéalta garrfhicsin lena chuid a shaothrú. D'éirigh leis an scríbhneoireacht, agus sna 1940idí, fostaíodh ina scriptscríbhneoir i Hollywood é. Fuair a bhean chéile bás sa bhliain 1954, agus í tinn ar feadh i bhfad roimhe sin.

Ní raibh sé ina dhuine shona riamh. Bhí sé ina dhruncaire, cosúil lena athair roimhe, agus dúlagar intinne ag goilleadh air. Chuaigh na deacrachtaí seo chun olcais i ndiaidh bhás a mhná céile. Bhí sé mór le cúpla bean ina dhiaidh sin, ach ní raibh mórán maithe sna cumainn seo, agus bhí níos mó ná bean amháin ag déanamh gur homaighnéasach a bhí ann agus é á shéanadh féin.

A Shaothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh sé cuid mhór scéalta, ach is iad na húrscéalta The Big Sleep agus The Long Goodbye na cinn ba mhó a thuill clú dó.Is é an locht is mó a fhaightear ar a chuid scéalta nach raibh bua na plotála aige - rinne sé praiseach den phlota go minic - agus ní thaitníonn an stiúir mhadrúil a bhíonn faoi le cách ach an oiread, go háirithe an dóigh a mbíonn sé ag trácht ar mhná agus ar homaighnéasaigh. Ón taobh eile de, tá féith liriciúil ann a chuireann ar a chumas áiteanna agus timpeallacht na n-imeachtaí a chur os comhair an léitheora ar dhóigh bheo bhíogúil.