Whitney Houston

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Whitney Houston
Whitney Houston (cropped3).JPEG
Saol
Eolas breitheNewark, New Jersey, 9 Lúnasa 1963
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Afracacha
Teanga dhúchaisan Béarla
BásBeverly Hills, 11 Feabhra 2012
Áit adhlacthaFairview Cemetery (en) Aistrigh
Cúis bháistimpiste ()
Muintir
MáthairCissy Houston
Céile/CéilíBobby Brown  (Meitheamh 13, 1994 -  Aibreán 24, 2007)
Páistí
Siblíní
Teaghlach
Oideachas
Alma materMount Saint Dominic Academy (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmamhránaí, aisteoir, léiritheoir scannáin, pianódóir, ceoltóir, aisteoir scannáin, mainicín, léiritheoir ceirníní, cumadóir, monaróir, ealaíontóir taifeadta agus aisteoir teilifíse
Duaiseanna
Gluaiseacht ealaínepopcheol
ceol rithim agus gormacha
anamcheol
ceol gaspal
comhaimseartha uirbeach
Cineál guthasoprán spiontó
meánsoprán
Uirlis cheoilceol gutha
Lipéad ceoilArista
RCA Records
Cleamhnú
ReiligiúinBaisteachas
IMDbnm0001365
whitneyhouston.com
Discogs ID30542
Instagramwhitneyhouston
TikTokwhitneyhouston
WhitneyHoustonSignature.svg

Ba cheoltóir popcheoil í Whitney Elizabeth Houston (9 Lúnasa 1963, Newark, New Jersey, Stáit Aontaithe Mheiriceá - 11 Feabhra 2012, Beverly Hills, California). Bhí clú is cáil ar a guth láidir.[1]

Is é "I Will Always Love" ceann de na hamhráin is rathúla a bhí ag Whitney, a bhí sa scannán The Bodyguard (1992).

̊Whitney Houston sna 1990idí

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aibreán 2010

Phós sí Bobby Brown ar an 18 Iúil 1992. Bliain ina dhiaidh sin, tháinig a hiníon, Bobbi Kristina Houston Brown, ar an saol. Fuair Whitney agus Bobby colscaradh sa bhliain 2006.

D'éag Houston ar an 11 Feabhra 2012, in aois 50 di. Thóg sí ródháileog drugaí (cocaon) agus thángthas ar a corp i dtobán folctha sa Beverly Hilton.[2] Ghnóthaigh Houston saibhreas as cuimse, agus bhí "saol an liomó bháin" aici mar a déarfá. Ach fós féin bhí sí chomh tugtha sin do na drugaí go raibh uirthi cuairt a thabhairt ar na ceantair ba shuaraí agus ba bhoichte chun a handúil a shásamh.[3]

Féiniúlacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoin am a raibh cáil dhomhanda bainte amach ag Houston mar amhránaí bhí tromlach dá comhghormaigh ann nach dtrasnódh an bóthar chun ceoilchoirm léi a fheiceáil.[3]

Cuireadh i leith Houston gur thug sí droim láimhe lena muintir féin. Ní raibh an ceol a chan sí 'gorm' go leor, dar leo. Mar sin níor thuill sí meas an phobail ghoirm sna Stáit Aontaithe. Fiú agus í ag tosú ar bhóthar an cheoil, bhíodh na djanna, go háirithe na gormaigh, ag fonóid fúithi.

Rinneadar mugadh magadh di agus de réir mar a chuaigh sí in airde réime is ea is mó a chuir siad ina leith go raibh sí tar éis a hanam a dhíol, an dubh a chur ina gheal uirthi féin, nach eiseamláir do ghormaigh óga in aon chor a bhí inti, go raibh a fréamhacha stoite aici, agus a pobal féin á thréigean aici.[3]

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Albaim stiúideo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Albaim beo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuaimriain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bailiúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Físeáin/DVDanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nasc seachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Whitney Houston | Official Site" (en-US). Whitney Houston Official Site. Dáta rochtana: 2023-01-09.
  2. "The Beverly Hilton" (as en) (2022-12-04). Wikipedia. 
  3. 3.0 3.1 3.2 MICHEAL O hAODHA (10 Aib 2012). "Lonrú dorcha na staire" (ga-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-01-09.