Cócaon
![]() | |
| Spriocghalar | pian agus casacht |
|---|---|
| Sonraí cliniciúla | |
| Riosca le linn toirchis | US pregnancy category C (en) |
| Bealach | topical medication (en) |
| Grúpa cógaseolaíochta | eistear, tertiary amine (en) |
| Cód ATC | N01BC01, S01HA01, R02AD03 agus S02DA02 |
| Sonraí ceimiceacha agus fisiceacha | |
| Foirmle | C17H21NO4 |
| Mais mhóilíneach | 303.147 Da |
| Dlús | 1.22 g/cm³ |
| Leáphointe | 98 °C |
| Fiuchphointe | 187 °C |
| Aitheantóirí | |
| Uimhir CAS | 50-36-2 |
| PubChem (SID) | 446220 |
| IUPHAR/BPS | 2286 |
| DrugBank | DB00907 |
| ChemSpider | 10194104 |
| UNII | I5Y540LHVR |
| KEGG | D00110 |
| ChEBI | 27958 |
| ChEMBL | CHEMBL370805 |
| PDB liogann ID | COC |
| ECHA | 100.000.030 |
Is alcalóideach tropán criostalta é cócaon a fhaightear ó dhuillí an phlanda cóca, nó C17 H2I N04, alcalóideach bán a eastósctar ó dhuilleoga toim ar leith ó Mheiriceá Theas.[1]
Táirgeadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is as cóca, a fhásann sa Mheiriceá Theas, a dhéantar an cócaon. Úsáidtear a lán breosla peitril chun an púdar bán céanna a dhéanamh (agus tá sé ráite dá gcífeadh an dream a úsáideann an cocaon an próiseas fhéin, ná bacfaidís leis, tá an próiseas chomh salach míshláintiúil).[2]
Do mhargadh na hEorpa agus na Stát Aontaithe is mó a dhéantar é.
Úsáid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Spreagthach cumhachtach atá ann, a úsáidtear mar druga áineasa uaireanta, mar gheall ar a airíonna spreagthacha, atá cosúil le hairíonna amfataimín. Ar na bealacha úsáide is mó ná snortáil, an toit a ionanálú nó uisce a chuir leis agus an leacht a instealladh.
Úsáidtear fós cócaon mar ainéistéiseach áitiúil é, san oftailmeolaíocht go háirithe. Ach mí-úsáidtear go han-fhorleathan é: smúrtar an púdar agus, nuair a athraítear ina chnagchócaon é, caitear i bpíopa é. Cuireann sin tús le handúil, go príomha i bhfoirm an chnagchócaon caite.

Iarmhairtí aigne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad na hiarmhairtí aigne ná bac a chur ar an réalachas, mothúchán de dhian-sonas nó corraíl. I measc na hiarmhairtí fisiciúla ná ráta croí ardaithe, ag cur allais nó mac imrisc mór.
Anuas ar sin, is féidir le dáileog ard an brú fola agus an teocht a sheoladh ró-ard. Bíonn na hiarmhairtí á bhreathnú idir soicindí agus nóiméid, agus leanann siad idir cúig agus nócha nóiméad.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain Freud úsáid as chun lagú misnigh a chuid othar a fheabhsú. Tháinig a chomhghleacaí CarI Koller (1857-1944) ar a ghníomhaíocht ainéistéiseach.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).
- ↑ Breanndán Ó Beaglaoich (30 Eanáir 2024). "TUAIRISC ÓN gCOLÓIM: Cheapas gurb é Gairdín Pharthais a bhí sroichte agam!" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-30.
