Robert De Niro
| Robert De Niro | |
|---|---|
| Breith | 17 Lúnasa, 1943 |
| Nua-Eabhrac | |
| Náisiúntacht | Meiriceánach |
| Gairm | Aisteoir |
| Gníomhach | 1965 - anois |
| Céile | Grace Hightower ('97-inniu) Diahnne Abbott (1976-'88) |
Is aisteoir Meiriceánach é Robert De Niro a rugadh ar an 17 Lúnasa 1943.[1]
Rugadh De Niro i Nua-Eabhrac, mac le Virginia Admiral, file, agus Robert De Niro, Sr., ealaíontóir de phór na hIodáile agus na hÉireann.[2]
Fuair sé a chéad ról mór sa bhliain 1973, sa scannán Bang the Drum Slowly. Ghlac páirt Vito Corleone in The Godfather Part II an bhliain dár gcionn, ról a thuill Academy Award for Best Supporting Actor dó.
Tá go leor oibre déanta aige le Martin Scorsese. Thosaigh an chomhpháirtíocht seo sa bhliain 1973 i Mean Streets. Bronnadh Academy Award for Best Actor ar De Niro do ról Jake LaMotta i Raging Bull (1980), scannán eile de chuid Scorsese.
Ceapadh De Niro mar Uachtarán an Ghiúiré don 64u féile scannán i gCannes sa bhiain 2011.[3]
Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |