Theta Eridani

Is é Theta Eridani, θ Eri, nó Acamar, ceann de na réaltaí is tábhachtaí i réaltbhuíon na hAbhann.
Is é Acamar an t-ainm traidisiúnta ar Theta Eridani. Cosúil le hAchernar, tá ainm Acamar bunaithe ar na focail Araibise a chiallaíos ”Deireadh na hAbhann”.
Tá Acamar agus Achernar suite réasúnta cóngarach dá chéile mar a fheictear dúinn féin sa réaltbhuíon iad. Tá Acamar suite tuairim is céad is trí scór de sholasbhlianta uainn.[5]
Déréalta í Acamar, ach is mar A-réaltaí a aicmítear an dá chomhréalta ó thaobh an speictrim de – mar sin is réaltaí teo bána nó bánghorma iad. Mar sin, Is A-réalta bán an réalta dhúbailte seo ar amharcmhéid 3.4, in éineacht le A-réalta eile atá ar méid 4.5; 2.9 an amharcmhéid chomhtháite.[5] Is furasta an péire optúil seo a scoilteadh le teileascóip bheaga. Ar chatalóg Tholamaes, is réalta den chéad mhéid í seo.[5]
Réaltaí príomhsheichimh iad an dá chomhréalta, agus níl mórán difríochta eatarthu ó thaobh na maise de: timpeall ar dhá oiread go leith de mhais na Gréine atá i ngach ceann acu.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "The Relation between Rotational Velocities and Spectral Peculiarities among A-Type Stars" (as Béarla) (Iúil 1995): 135–172. doi:.
- 1 2 3 4 5 6 7 "Gaia DR2" (as Béarla) (25 Aibreán 2018). doi:.
- 1 2 3 Schuyler D. Van Dyk (Meitheamh 2003). "VizieR Online Data Catalog: 2MASS All-Sky Catalog of Point Sources (Cutri+ 2003)" (as Béarla): II/246.
- ↑ "Pulkovo Compilation of Radial Velocities for 35 495 Hipparcos stars in a common system" (as Béarla) (Samhain 2006) (11): 759–771. doi:.
- 1 2 3 "gaeilgeoirnafionlainne" (ga). Irish for English Speakers / Gaeilge do Bhéarlóirí. Dáta rochtana: 2021-08-07.