Muciarann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ag déanamh na muciarainne, Chicago sna 1890idí

Táirge foirnéis soinneáin is ea muciarainn. Ritear an t-iarann leáite i gcainéil isteach i múnlaí a bhíonn ceangailte leis na cainéil, cosúil le hál banbh ar chíoch a máthar. Bíonn céatadán ard carbóin san iarann múnla seo, timpeall 4%, agus is gá sin a laghdú go dtí níos lú ná 1% chun cruach a tháirgeadh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Muciarann". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 472.