Tungstan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachTungstan

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus electron medium (en) Aistrigh
Tungstan sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachW
Uimhir adamhach74
Mais adamhach183.84
Cumraíocht leictreon[Xe] 4f¹⁴ 5d⁴ 6s²
Peiriad, Grúpapeiread 6
Dúil Ghrúpa 6
Airíonna fisiceacha
Dlús19.3 kg/m⁻³
Leáphointe6,170 agus 3,410
Fiuchphointe10,701 agus 5,930
Leictridhiúltacht2.36
Ga ianach0.66, 0.62, 0.42, 0.51 agus 0.6
Stair
AimsitheoirJuan José Elhuyar agus Fausto Elhuyar
Fionnachtain1783
Eapainmmac tíre

Is é an tungstan nó an volfram dúil uimhir a 74 i dtábla peiriadach na ndúl. Is í an tsiombail cheimiceach ná W, agus í bunaithe ar ainm Gearmáinise na dúile seo, Wolfram, a úsáidtear ina lán teangacha. Maidir leis an ainm Gaeilge tungstan, tháinig sé tríd an mBéarla ón tSualainnis, tung sten, a chiallaíonn "cloch throm". Tungsten nó "tromchloch" an t-ainm a bhí ag na Sualannaigh ar an tsílít. Mianra í an tsílít a bhfuil tungstan ann - is éard atá ann ná tungstáit an chailciam, CaWO4 - agus is foinse thábhachtach tungstain í.

Tá an tungstan ar an miotal is airde leáphointe dá bhfuil ann. Is é an leáphointe atá aige ná 3422 °C - is é sin, nuair a bheidh an tungstan leáite, beidh an t-iarann ina ghás. Miotal crua righin é an tungstan a sheasann imthosca antoisceacha agus a úsáidtear go forleathan sna cóimhiotail. Úsáidtear tungstan glan i sreanga solais na mbreolampaí agus in áiteanna eile ina bhfuil teocht ard i gceist: in innill na roicéad spáis agus na n-eitleán, cuir i gcás.

Tá tungstan an dúlra comhdhéanta as cúig iseatóp, agus ceann acu, an ceann is éagoitianta (180W, 0.12 % den tungstan nádúrtha), radaighníomhach, ach is iseatóp fadsaolach é a sáraíonn a leathré aois na hollchruinne.

Is í an uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí atá ag an tungstan ná +6, agus is í an trí-ocsaíd tungstain WO3 an chomhdhúil is tábhachtaí. Is féidir léi imoibriú leis na tuaslagáin bhunata agus iad a neodrú ionas go gcruthaítear iain tungstáite WO42-. Na salainn a chruthaíonn an t-ian seo in éineacht leis na hiain mhiotail, d'fhéadfá a rá gur salainn iad de chuid an aigéid tungstaigh H2WO4, ach ní féidir an t-aigéad féin a aonrú mar shubstaint ar leith. Is féidir, áfach, comhchriostail an uisce agus na trí-ocsaíde tungstain (hiodráití na trí-ocsaíde tungstain) a chruthú, agus uaireanta, tugtar aigéad tungstach ar na hiodráití seo.

Ní bhíonn an tungstan ag teastáil ó orgánach an duine, ach tá baictéir ann nach féidir leo déanamh in uireasa an tungstain. Tá leideanna áirithe ann gur féidir leis an tungstan leoicéime a spreagadh ag na daoine, ach tá an dá bh'fhéidir ann i láthair na huaire.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]