Vanaidiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachVanaidiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Vanaidiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachV
Uimhir adamhach23
Mais adamhach50.9415
Cumraíocht leictreon[Ar] 3d³ 4s²
Peiriad, Grúpapeiread 4
Dúil Ghrúpa 5
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leáphointe1,887
Fiuchphointe3,377
Ga ianach0.76, 0.64, 0.53, 0.58, 0.72, 0.36, 0.46 agus 0.54
Stair
AimsitheoirAndrés Manuel del Río
Fionnachtain1801
EapainmFrae

Miotal bog geal-liath insínte é an vanaidiam arb é dúil cheimiceach uimhir a 23 é. Ceann de na miotail trasdultacha atá ann, agus is é V an tsiombail cheimiceach a thagraíonn dó. Faoi thionchar an aeir, tagann brat ocsaíde ar an vanaidiam a fhágann díonta ar an ocsaídiú é. Ba é an ceimiceoir Spáinneach Andrés Manuel del Río a d'aithin an vanaidiam mar dhúil ar leith an chéad uair riamh, thiar sa bhliain 1801, nuair a bhí sé ag anailisiú vanadainíte - mianra ar tháinig sé air i Meicsiceo. Thug del Río "pancróimiam" agus, ina dhiaidh sin, "eiritreoiniam" ar an dúil nua, ach ní raibh na heolaithe eile sásta a chreidiúint go raibh a leithéid d'fhionnachtain déanta aige. Bhí siad den bharúil nach raibh i gceist leis an eiritreoiniam ach cróimiam neamhghlan, agus ceithre bliana ina dhiaidh sin, tharraing del Río ar ais an t-éileamh a rinne sé.

Andrés Manuel del Río

Tháinig Nils Gabriel Sefström, ceimiceoir Sualannach, trasna ar an vanaidiam arís sa bhliain 1831, agus ba eisean a d'ainmnigh é. Fuair sé an t-ainm ó Freyja, bandia na háilleachta is na torthúlachta i miotaseolaíocht na Lochlannach. Ceann d'ainmneacha Freyja is ea "Vanadís". Is iad dathanna áille na gcomhdhúl éagsúil vanaidiam a spreag an t-ainmniú seo.

Tá dhá iseatóp nádúrtha ag an vanaidiam. Is é an t-iseatóp cobhsaí, 51V, an ceann is flúirsí, ach tá 0.25 % de 50V ann freisin. Raidiseatóp é agus é iontach fadsaolach, agus is iad an dá chineál meath radaighníomhach a thagann air ná an béite-mheath agus an leictreonghabháil.

Tá ceithre uimhir ocsaídiúcháin ag an vanaidiam, agus a dath féin ag gach staid ocsaídiúcháin: +2 (corcra), +3 (uaine), +4 (gorm) agus +5 (buí). Is í an pheantocsaíd dévanaidiam (V2O5) an chomhdhúil is tábhachtaí ó thaobh na heacnamaíochta de, agus é iontach úsáideach i dtáirgeadh an aigéid shulfaraigh, ós rud é go bhfuil sé in ann dé-ocsaíd an tsulfair, SO2, a ocsaídiú go trí-ocsaíd an tsulfair, SO3, arb í ainhidríd an aigéid shulfaraigh í (is é sin, nuair a imoibreoidh sí le huisce, iompóidh sí ina haigéad sulfarach). Amhábhar lárnach é an t-aigéad sulfarach sa tionsclaíocht cheimiceach, agus mar sin, is léir go bhfuil tábhacht eacnamaíoch leis an bpeantocsaíd vanaidiam.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]