Martin Luther

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Martin Luther
Lucas Cranach (I) workshop - Martin Luther (Uffizi).jpg
Martin Luther, le Sean-Lúcás Cranach
Dáta breithe 10 Samhain 1483
  Eisleben
Dáta báis 18 Feabhra 1546
  Eisleben
Céile Katharina von Bora
Síniú
Martin Luther Signature.svg

B'é Máirtín Liútar (Gearmáinis: Martin LutherMartin Luder, Laidin: Martinus Lutherus. 10 Samhain 1483 - 18 Feabhra 1546) a chuir tús leis an Athleasú Creidimh, nuair a d'fholisigh sé na Cúig Théis Déag is Ceithre Scór i Wittenberg na Gearmáine ar an 31 Deireadh Fómhair 1517. B'eisean athair an Reifirméisin sa Ghearmáin.

Óige Mhairtín Liútair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tháinig Máirtín Liútar chun saoil in Eisleben ar an 10 Samhain 1483. B'é Hans Luder a athair, agus Margaretha Lindemann a bhí ar a mháthair. Baisteadh an buachaill ar fhéile Máirtín ó Tours. B'as an naomh seo a d'ainmnigh a thuismitheoirí é.

Bhí a athair ina mháistir i bpoll mianaigh i Mansfeld, áit a rabhthas ag baint copair as an talamh, agus é in ann bia agus beatha a choinneáil lena theaghlach ionas nach raibh siad in aon chruachás. Theastaigh ó Hans státseirbhíseach a dhéanamh as a mhac, agus chuir sé ar scoil é. Fuair Máirtín a chuid scolaíochta i Mansfeld, Magdeburg agus Eisenach.

In aois a sheacht mbliana déag, sa bhliain 1501, chuaigh Máirtín ag staidéar in Ollscoil Erfurt. Bhain sé amach céim an bhaitsiléara sa bhliain 1502 agus céim an mháistir sa bhliain 1505. Is é an cineál léinn a roghnaigh sé san ollscoil ná an dlí, mar a theastaigh óna athair.

Scríobhneoireacht Martin Luther, 1581

I samhradh na bliana 1505, áfach, chuir cith tóirní cor ina chinniúint. Bhuail splanc thoirní an talamh in aice leis, díreach nuair a bhí sé ag dul chun na scoile. "A Naomh Áine", a sciorr air a rá, "cuidigh liom! Rachaidh mé sna manaigh!" [Brecht, vol. 1, p. 48]. Ó shíl sé gurb í Naomh Áine a tháinig chun tarrthála dó an lá áirithe sin, chomhlíon sé an gheallúint a bhí tugtha aige, nó d'éirigh sé as an dlí agus chuaigh sé sna manaigh.

Diagacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Nuair a bhí sé ina mhanach Agaistíneach, agus é ag obair ina ollamh le diagacht, thosaigh Liútar ag éirí míshásta leis an Eaglais Chaitliceach. Fuair sé locht ar éilliú agus ar lobhadh na hEaglaise Caitlicí, agus é ag éileamh go bhfillfeadh an Eaglais ar ais ar na foinsí agus ar bhunteagasc Íosa Críost. Theastaigh uaidh briathar Dé a scaipeadh i measc na ndaoine ina dteanga féin.

An fabhalscéal

Chuir Liútar tús le scoilt na hEaglaise Caitlicí agus le forbairt na hEaglaise Liútaránaí, arb í an chéad mhóreaglais Phrotastúnach a tháinig ar an bhfód.

Gearmáinis[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is gnách glacadh leis gurbh é Máirtín Liútar a chuir bun leis an nGearmáinis scríofa mar is aithnid dúinn inniu í[1].

Chuir Liútar Gearmáinis ar an mBíobla. Rinne sé a dhícheall le teanga nádúrtha na cosmhuintire – caint na ndaoine – a aithris ina stíl féin. Bhí an-tábhacht leis an aistriúchán a rinne sé, nó bhí stíl líofa thíriúil dá chuid féin aige a chuir cor i gcinniúint na Gearmáinise mar theanga liteartha.

Caiticeasma, 1560, Leipzig

Mar sin féin, bhí traidisiúin áirithe liteartha ann roimh a lá-san, agus Liútar ag tabhairt airde ar nósanna na dtraidisiún seo lena chinntiú go mbeadh glacadh chomh fairsing lena shaothar agus ab fhéidir. I gcomhthéacs amháin, ar a laghad, dúirt Liútar féin go raibh sé ag baint úsáid as teanga na Seansailéireachta Impiriúla, ar a dtugtaí Gemeines Deutsch nó an Ghearmáinis Choitianta, agus is léir go raibh tionchar nár bheag ag cleachtais na Seansailéireachta ar an nGearmáinis a scríobhadh sé. Pé scéal é, chuir sé casadh stíle ar an teanga seo a rinne i bhfad ní b’intuigthe ag an gcosmhuintir í, agus sin é an fáth gur glacadh lena aistriúchán Bíobla go fairsing forleathan.

Gaeilge[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa Ghaeilge, is gnách "Clann Liútair" a thabhairt, mar leasainm díspeagúil, ar na Protastúnaigh go léir, na Preispitéirigh Ultacha ach go háirithe. Is féidir samplaí den úsáid seo a fháil ag na hamhránaithe Seacaibíteacha agus ag Micí Mac Gabhann araon.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]