95 Théis Mhártan Liútar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Leagan foilsithe sa bhliain 1517

Ar an 31 Deireadh Fómhair 1517, d’fhoilsigh manach óg, Mártan Liútar, cáipéis inar cháin sé díol na loghanna agus míchleachtais eile san Eaglais Chaitliceach. Na Cúig Théis is Nócha a thugtar ar an gcáipéis sin.[1]

D'fhoilsigh Liútar na nócha is a cúig téis i Wittenberg na Gearmáine. Scríobh sé 95 téis in iomlán, agus b'fhéidir gur chroch sé iad ar dhoras na hArd-Eaglaise agus ar dhoirse eile a bhí ann (ní heol dúinn go cinnte gur chroch sé iad ach foilsíodh iad ar aon nós).[2][3]

Scríobh an manach óg litir lena a mhíshásamh a chur in iúl. Bhí Liútar ar mhalairt tuairime leis an Eaglais i dtaobh ceisteanna a bhain le míorúiltí agus comaoineach srl.[4] Cheistigh Liútar údarás an Phápa. B'iad seo a phléigh sé ina chuid Téiseanna – 95 díobh san iomlán. Bhí siad scríofa i Laidin, teanga na scoláirí.

Léaráid í seo de Mhártan Liútar ag crochadh na 95 théis, le Ferdinand Pauwels, 1872

Sleachta as 95 Théis Mhártan Liútar[5][6][cuir in eagar | athraigh foinse]

De bharr grá agus ag iarraidh na fírinne táim á gcrochadh seo ionas gur féidir iad a phlé in Ollscoil Whittenburg. Aon duine nach mbeidh i láthair iarraim orthu aon rud atá le rá acu a chur i scríbhinn chugam.

Níl an chumhacht ag an bPápa leigheas a chur ar aon rud go bhfuil baint ag Dia leis.

Níl sé ceart ná cóir le rá go dtéann an t-anam ó phurgadóir díreach isteach go neamh an nóiméad a bhuaileann airgead ciste na hEaglaise.

Gach duine a chreideann go bhfuil slí acu díreach isteach go neamh mar gheall ar logha a cheannach, ní fheicfidh siad ná a gcuid múinteoirí neamh.

Tá cead ag gach Críostaí páirt a ghlacadh san Eaglais agus is é Dia amháin a thugann an cead sin dó.

Ba cheart a mhúineadh do Chríostaithe go bhfuil sé níos fearr airgead a thabhairt do na bochtáin nó daoine atá tinn seachas a bheith ag ceannach loghanna.

36. Tá an ceart ag aon Chríostaí, a bhfuil fíor-aithrí air, ar mhaithiúnas iomlán ó aon phionós agus ó aon chiontacht, fiú gan litreacha logha.

47. Táthar chun Críostaithe a mhúineadh go bhfuil ceannach na loghanna ina ábhar saor-rogha, nach n-ordaítear d’aon duine.

49. Táthar chun Críostaithe a mhúineadh nach bhfuil loghanna de chuid an Phápa tairbheach ach amháin mura gcuireann daoine a n-iontaoibh iontu, ach an-díobhálach má chailleann siad eagla Dé dá mbarr.

53. Is naimhde Chríost agus an Phápa iad sin a chuireann cosc go hiomlán ar theagasc Bhriathar Dé i roinnt eaglaisí chun gur féidir loghanna a theagasc in eaglaisí eile.

54. Déantar dochar do Bhriathar Dé nuair a thugtar, sa seanmóir chéanna, oiread ama, nó níos mó, do loghanna seachas don Bhriathar.

62. Is é an soiscéal rónaofa de ghlóire agus de ghrásta Dé fíorsheoid na heaglaise.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. forasnagaeilge.ie. "An Reifirméisean". Dáta rochtana: 2017.
  2. nicurriculum.org.uk. "Beo go hiomlán 2 (Bliain 9)". Dáta rochtana: 2020.
  3. Alan Titley. "Máirtín, tairní agus téiseanna" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-11-01.
  4. Kevin Hickey (2017). "Martin Luther, an Reifirméisean agus an Ghaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-01.
  5. examinations.ie (2007). "SCRÚDÚ AN TEASTAIS SHÓISEARAIGH, 2007". www.examinations.ie. Dáta rochtana: 2020-11-01.
  6. cogg.ie. "13-16 An Reifirméisean agus Frith Reifirméisean". Dáta rochtana: 2020.