Plé:Martin Luther

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sílim go bhfuil an mhír dheireanach "Sa Ghaeilge, is gnách "Clann Liútair" a thabhairt, mar leasainm díspeagúil, ar na Protastúnaigh go léir, na Preispitéirigh Ultacha ach go háirithe. Is féidir samplaí den úsáid seo a fháil ag na hamhránaithe Seacaibíteacha agus ag Micí Mac Gabhann araon". as áit in alt mar seo. Is tuairimíocht é go cinnte. Nílim ag rá nár baineadh úsáid as an dtéarma go díspeagúil ó am go chéile, ach ar ndóigh d'fhéadfaí leabhar a líonadh le téarmaí díspeagúla ar chreidimh. Agus ní gá go fiú gur nath díspeagúil é. Molaim é a scrios, agus an spás a úsáid le eolas fiúntach a sholáthar. Meabhar 23:13, 3 Feabhra 2007 (UTC)[reply]