Agaistínigh
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | O.S.A. |
Cineál | ord déirce |
Reiligiún | an Eaglais Laidine |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1244 |
Bunaitheoir(í) | Pápa Innocent IV |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Fochomhlacht | |
Úinéir de | |
Codanna | |
Cuid de | Agaistínigh |
Suíomh gréasáin | https://www.theaugustinians.com |
Is ord rialta de chuid na hEaglaise Caitlicí iad na hAgaistínigh (Laidin: Ordo Sancti Augustini OSA), dream atá ar oird na mbráthar. Cé go bhfaigheann siad inspioráid ó Naomh Aibhistín Hippo (354-430), bunaíodh iad sa bhliain 1256. Ba iad Martin Luther agus Gregor Mendel an dá bhall ba cháiliúla den ord.
Tar éis dó a iompú ina Chríostaí, chum Naomh Aibhistín riail do chumann fíréan, agus í faoi anáil Naomh Antóin na hÉigipte. Chuaigh an cumann seo i neart agus i méid san Afraic Thuaidh, ach níl fianaise ann lena thaispeáint go raibh baint idir an cumann a bhunaigh Naomh Aibhistín agus an t-ord atá inniu ann. Aithnítear, mar sin féin, go raibh a lán manach agus eirimíteach a thug Agaistínigh orthu féin i ndeisceart na hEorpa leathchéad bhliain i ndiaidh bháis Aibhistín sa bhliain 430. Is cosúil gur fhág siad an Afraic Thuaidh de bharr na creiche a rinne na Vandail sna bólaí úd.
Bailíodh tithí de chuid eirimítigh Agaistíneacha i dToscana na hIodáile ag an bPápa Innocens IV i 1244 agus ina dhiaidh sin, chuir an Pápa Alastar IV na bráithreachais Agaistíneacha neamhspleácha san Iodáil, sa bhFrainc, i Sasana agus sa nGearmáin le chéile i 1256, dáta a nglactar leis mar bhunús an Oird mar atá sé inniu. Tá sé eisceachtúil i stair na hEaglaise nuair a chuireann Pápa ord ar bhun dá dheoin féin. D'ainmníodh an Ord Agaistíneach nua mar tríú ord bhráithre. Bhí an stádas sin ag na Proinnsiasaigh agus na Doiminicigh cheana féin agus tugadh an onóir chéanna chuig na Cairmilítigh ina dhiaidh sin. Leathnaigh an Ord nua go tapaidh in imeacht cúpla bliain.
Na hAgaistínigh in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh teach ar bhun i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1280. Bhí na tithe Agaistíneacha in Éirinn bainte leis an bproibhins Sasanach den Ord agus bhí moill ar leathnú amach go dtí an cúigiú aois déag. Ansin tháinig an gluaiseacht léasaithe den ord chun cinn agus cuireadh tithe neamhspleácha ar bhun i gceantair Gaeltachta in Iarthar na hÉireann go háirithe. Bhíodh na tithe seo an tábhachtach san Eaglais Caitiliceach in Éirinn go dtí an Reifirméisin.[1]
Le linn na Péinndlíthe, ní raibh an ord in ann feidhmiú go hoscailte in Éirinn agus fuair bráithre áirithe bás san ghéarleanúint, ina measc Liam Tuire Beannaithe.
Sa bhliain 1656, bunaíodh Coláiste Agaistíneach na nGael san Róimh agus tháinig bráithre chun freastal ar Éireann tríd aimsir na Géarleanúna.
Is cuid d’Éirinn nua-aimseartha iad na hAgaistínigh inniu. Roimhe seo, bhí mná rialta Agaistíneach ina gcónaí i gcathair na Gaillimhe.[2] Sa lá atá inniu ann tá tithe Agaistíneach i nDroichead Átha, i gCathair Bhaile Átha Cliath, i gCathair na Gaillimhe agus i gcathracha eile.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ David Kelly (2005). "The Augustinians in Dublin". Dublin Historical Record 58 (2): 166–175. ISSN 0012-6861.
- ↑ Galway Advertiser, Thu, Apr 09, 2015. "The Augustinian nunnery". Galway Advertiser. Dáta rochtana: 2021-08-05.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |