Beoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DeochBeoir
Cineáldeoch alcóil choipthe, meascán agus alcopop (en) Aistrigh
Comhábhaireorna, leannlus, uisce agus giosta

Is deoch mheisciúil í an bheoir a dhéantar le huisce, braich, lus an leanna, agus fungas ar a dtugtar giosta (coipeadh). I bhfoclóir an Athar Uí Dhuinnín, deirtear gur é an deoch ar ghile le Gaeil.

Guinness

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Beoir gan alcól

Dlúthchuid de shaol na hEorpa a bhí sa leann i gcónaí. Cuireann na hopaí le blas uathúil an leanna, rud atá ag mealladh daoine chuig an deoch mheisiciúil leis na mílte bliain.[1]

Tá iliomad saghsanna beorach ann, mar shampla. leann, leann dubh, pórtar, pilsener, lágar, bitter, beoir chruithneachta (Weissbier), beoir Mhárta, beoir gheimhridh, agus beoir le blasanna torthaí agus luibheanna.

Athrú aeráide[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir staidéar a foilsíodh san iris eolaíochta Nature sa bhliain 2023,[2] tá caighdeán na beorach ag éirí níos measa san Eoraip, agus is é an t-athrú aeráide is cúis leis. Fuair na heolaithe amach go bhfuil laghdú ag teacht ar chaighdeán na leannlusanna san Eoraip mar gheall ar na tréimshí níos tirime agus níos teo a bhíonn ann anois le linn an tsamhraidh. Thug siad rabhadh fosta go mb’fhéidir go dtiocfadh ardú ar phraghas na beorach ar fud na mór-roinne mura n-athraíonn na comhlachtaí grúdaireachta a gcleachtais.[1]

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cáil dhomhanda ar ghrúdlann Guinness i mBaile Átha Cliath, agus cé nach i seilbh Éireannach a thuilleadh é agus nó mbruitear i dtíortha eile é, meastar go leathan gur fearr Guinness na hÉireann. Déanann an comhlacht chéanna lager Harp, mar aon le beoir eachtrannacha a bhruith agus a dháileadh faoi chonradh.

Tá grúdlann mhór eile, Smithwicks, suite i gCill Chainnigh.

Tá grúdlann Murphys agus Beamish, atá ceangailte le comhlachtaí eachtrannacha leis, i gCorcaigh, agus tá leann dubh ar nós Guinness acu araon, ina nainm féin.

Tá samplaí de mhionghrúdlainn in Éirinn, m.sh. Caffreys a tosaíodh sna 1980í, i gContae Chill Mhantáin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 NÓS (2023-10-12). "Blas na beorach ag éirí níos measa de bharr an ardaithe teasa" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-10-12.
  2. Martin Mozny, Miroslav Trnka, Vojtech Vlach, Zdenek Zalud, Tomas Cejka, Lenka Hajkova, Vera Potopova, Mikhail A. Semenov, Daniela Semeradova, Ulf Büntgen (2023-10-10). "Climate-induced decline in the quality and quantity of European hops calls for immediate adaptation measures" (as en). Nature Communications 14 (1): 6028. doi:10.1038/s41467-023-41474-5. ISSN 2041-1723.