Jump to content

Beamish

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBeamish

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbranda beoir Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinbeamish.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Póstaer de chuid ghrúdlann "Beamish & Crawford", circa 1919

Lionn dubh, nó pórtar, is ea Beamish Genuine Irish Stout. Táirge de chuid Beamish & Crawford is ea é agus bíonn sé á ghrúdú i dtuaisceart Chathair Chorcaí, Éire. Tá neart c. 4.3% alcóil ann, agus 38-44 aonad searbhais[1]. Tá sé ar fáil in Éirinn ar buacaire i dtithe tábhairne agus i gcannaí ach baineadh den mhargadh idirnáisiúnta é sa mbliain 2009[2].

The Cork Porter Brewery a bhí ar an ngrúdlann bhunaidh, a bhí lonnaithe i ndeisceart na cathrach. William Beamish, William Crawford, Richard Barrett agus Digby O'Brien a chuir ar bun í, ar 13ú Mí Eanáir 1792.[3] Bhí an-rath ar an bhfiontar agus bhí táirgeacht de 100,000 bairille aige fé bliain a 1805[1]. Deineadh comhlacht poiblí dhi i mbliain a 1901 agus bhí a neamhspleáchas aige seo go bliain a 1962, nuair a thóg Carling O'Keefe Limited, ilchomhlacht grúdlannaíochta Ceanadach, seilbh iomlán air[3].

Mar sin féin, fágadh méid áirithe smachta ar a chuid cúrsaí féin ag Beamish & Crawford fén seilbh seo agus ina dhiaidh sin, nuair a cheannaigh Elders IXL na hAstráile Carling O'Keefe (1987) agus nuair a dhíol Elders Beamish & Crawford le Scottish & Newcastle i mbliain a 1995 (Fosters Group a bhí ar Elders um an dtaca sin).

I mbliain a 2008, cheannaigh cuibhreannas de chuid Heiniken International agus Carlsberg Scottish & Newcastle[4][5] agus an bhliain chéanna fógraíodh go raibh Beamish & Crawford le dúnadh[6]. Dúnadh an ghrúdlann an bhliain dár gcionn agus aistríodh grúdú Beamish Genuine Irish Stout go grúdlann Heiniken sa Linn Dhubh i dtuaisceart Chathair Chorcaí. Grúdlann Murphy is ea í seo, go dtugtar Grúdlann Thobar Muire uirthi de ghnáth.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 Classic Stout and Porter, Prion Books, 1997.
  2. , Heineken calls time on Beamish abroad
  3. 1 2 A Handbook for the Licensed Trade, O'Gorman, 1994.
  4. , S&N shareholders approve takeover.
  5. , Beamish to change hands in S&N deal
  6. , Heineken to close historic Beamish & Crawford brewery

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]