Smirnoff

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is branda vodca é Smirnoff (/ˈsmɪərnɒf/; Rúisis: [smʲɪrˈnof]) atá faoi úinéireacht an chomhlachta Bhriotanaigh Diageo. Thosaigh an branda le drioglann vodca a bhunaigh Pyotr Arsenievich Smirnov (1831–1898) i Moscó. Díoltar Smirnoff i 130 tír. I measc na dtáirgí atá acu, tá vodca, vodca blaistithe, agus deochanna braiche. In 2014, ba é Smirnoff an vodca is mó díol ar fud an domhain.

Úsáidtear modh scagacháin traidisiúnta a d'fhorbair ag P. A. Smirnov sa 19ú haois chun an vodca a dhéanamh. Chruthaigh mac Smirnov, Vladimir, “oideas uimhir 21” tar éis dó éalú ón Rúis le linn Réabhlóid Dheireadh Fómhair.