Jimi Hendrix

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJimi Hendrix

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Jimi Hendrix
(en) James Marshall Hendrix
(en) Johnny Allen Hendrix
Beathaisnéis
Breith(en) Johnny Allen Hendrix
27 Samhain 1942
Seattle (Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Bás18 Meán Fómhair 1970
27 bliana d'aois
Kensington, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás tionóisceach (Aisficse)
Áit adhlacthaGreenwood Memorial Park (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteJimmy James Cuir in eagar ar Wikidata
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Afracacha
ReiligiúnCaitliceach neamhchleachtach
Scoil a d'fhreastail sé/síFort Campbell (en) Aistrigh
Ardscoil Garfield Cuir in eagar ar Wikidata
Airde70 in Cuir in eagar ar Wikidata
LámhcheannasCiotógacht
Gníomhaíocht
Gairmgiotáraí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1965 –  1970
Ball de
SeánraRac sícideileach, rac-cheol crua, acid rock (en) Aistrigh, gormrac agus electric blues (en) Aistrigh
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Stát Aontaithe
Cineál guthaBaratón

UirlisGiotár, casú, glocainspíl agus ceol gutha
Lipéad ceoilMCA Inc.
Reprise Records Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
1970Isle of Wight Festival 1970 (en) Aistrigh
15 Lúnasa 1969Féile Woodstock
16 Meitheamh 1967Monterey International Pop Festival (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáirtíDevon Wilson Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAl Hendrix  agus Lucille Hendrix
SiblínLeon Hendrix
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinjimihendrix.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0001342 Rottentomatoes: celebrity/jimi_hendrix TV.com: people/jimi-hendrix IBDB: 73101
Facebook: JimiHendrix Twitter: JimiHendrix Youtube: UCEqrtYLjy1o4hvaUI0J530w Spotify: 776Uo845nYHJpNaStv1Ds4 Last fm: Jimi+Hendrix Musicbrainz: 06fb1c8b-566e-4cb2-985b-b467c90781d4 Songkick: 263306 Discogs: 110593 Allmusic: mn0000354105 Find a Grave: 471 Deezer: 849 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceoltóir Meiriceánach ab ea James Marshall "Jimi" Hendrix, (27 Samhain, 1942 - 18 Meán Fómhair, 1970). Giotáraí agus cumadóir a bhí ann, agus aithnítear mar dhuine de na giotáraithe leictreacha is mó tábhacht i stair an rac-cheoil. As Seattle dó, fuair sé bás i Londain, Shasana sa bhliain 1970.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

An t-ainm baiste a bhí air ná Johnny Allen Hendrix. Tháinig sé chun saoil i Seattle, Washington, mac le hAl Hendrix agus a bhean Lucille Jeter Hendrix.

Thugtaí Buster air mar leasainm agus é ina óige, in ómós do Buster Brown, cartún a bhí cáiliúil ag an am.

Sa bhliain 1946, d'athraigh a athair Al Hendrix a ainm go hoifigiúil go James Marshall Hendrix. Tar éis seo, bhíodh aithne ag daoine air mar Jimmy, nó James. Agus é ag seinm i mbannaí éagsúla, thosaigh sé ag tabhairt idir Maurice James agus Jimmy James air féin. Dhearbhaigh a bhainisteoir Chas Chandler níos déanaí gur iarr sé ar Hendrix an litriú a athrú go "Jimi", in áit "Jimmy", ach mhaígh Hendrix gurb é a smaoineamh féin.

Cáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

1968, Warner/Reprise Records

San Eoraip a bhain sé a chéad cháil amach, le tacaíocht óna bhanna The Jimi Hendrix Experience. Níorbh fhada go raibh a ainm in airde abhaile i Meiriceá chomh maith, tar éis a thaispeántais ag an Monterey Pop Festival sa bhliain 1967. Bhí sé ag barr an chláir ag na féilí Woodstock sa bhliain 1969 agus Isle of Wight sa bhliain 1970.

Laoch giotáir atá i Hendrix fós. Citeog a bhí ann, a bhí gafa go mór lena Fender Stratocaster. Bhain sé leas an-mhór as aischothú an ghiotáir, le cabhair go minic ó troitheán wah-wah.

Bás agus oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhásaigh Hendrix ag árasán a bhanchara Monika Dannemann i Notting Hill, Londain go luath sa maidin ar an 18 Meán Fómhair, 1970. Thacht sé ar an aiseag féin tar éis dó an-iomarca piollairí suain agus alcól a thógáil.

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

The Jimi Hendrix Experience[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Are You Experienced? (1967)
  • Axis: Bold as Love (1968)
  • Electric Ladyland (1969)

Albam beo[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Band of Gypsies (1970)

Albam díolama[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Smash Hits (1969)
  • Electric Jimi Hendrix (1968)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]